Jump to content

Cuairt Stáit ag Donald Trump ar an Ríocht Aontaithe 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCuairt Stáit ag Donald Trump ar an Ríocht Aontaithe 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 30′ 26″ N, 0° 07′ 39″ O / 51.5072°N,0.1275°W / 51.5072; -0.1275
Cineálcuairt stáit Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 - 18 Meán Fómhair 2025
SuíomhLondain, England
Caisleán Windsor, England
Chequers, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe ar an 16-18 Meán Fómhair 2025.[1][2][3]

Thug Keir Starmer, príomh-aire na Ríochta Aontaithe, an cuireadh foirmiúil a scríobh Séarlas III do Trump ar an 27 Feabhra 2025.
Físeán: Cuireadh fáilte ollmhór ar Trump agus a mhuintir i Windsor, 17 MF 2025
Físeán: Cuairt ar St. George's Chapel, 17 MF 2025
Físeán: mustar is mórdháil, leis an tsollúntacht ar fad is cuí don Uachtarán
Físeán: Fáilte roimh Trump ag Chequers

Thug Ceann Stáit na Ríochta Aontaithe, Séarlas III, cuireadh foirmiúil do Trump ar an 27 Feabhra 2025.

Ba í seo an dara Chuairt Stáit ag Trump ar an R-A, rud a tharraing conspóid' bhí spéis speisialta ag Trump sa teaghlach ríoga agus thaitin an mórthaibhseacht go mór leis.

Fleá Stáit Windsor

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Uachtarán Mheiriceá Donald Trump leis an Rí Séarlas I gCaisleán Windsor ar an chéad lá dá chuairt stáit ar an mBreatain. Tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Léirigh an Chuairt Stáit nádúr an chaidrimh idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Thug lucht Trump (bhí comh-aireacht iomlán na S-A ann) bualadh bos do Trump go minic.[4]

An lá dár gcionn, ag preasagallamh Chequers, labhair Trump agus Príomh-Aire na R-A, Keir Starmer faoi chogadh na hÚcráine agus Gaza. Dúirt Trump go raibh "easaontas" aige le Starmer faoi phlean na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint. Mhaígh Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.

Comhaontuithe eacnamaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shínigh Trump agus Starmer an "Tech Prosperity Deal" ar Déardaoin 18 Meán Fómhair, comhaontú teicneolaíochta luach $350 billiún. D'fhógair cuideachtaí móra Mheiriceá infheistíochtaí $42 billiún san IA sa Ríocht Aontaithe.[5]

  • Microsoft: $30 billiún idir 2025-2028
  • Nvidia: £11 billiún ($15 billiún) le 120,000 sliseanna GPU
  • Google: £5 billiún ($6.8 billiún) in ionad sonraí nua

D'fhreastail POFanna teicneolaíochta móra ar fhleá stáit Chaisleán Windsor - Sam Altman (OpenAI), Jensen Huang (Nvidia), Tim Cook (Apple), Steve Schwarzman (Blackstone), agus Rupert Murdoch. Bhí 160 aoi ann agus cóctal speisialta mar shampla "Transatlantic Whiskey Sour".

Conspóidí agus agóidí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh bata agus bóthar d'ambasadóir na Ríochta Aontaithe, Peter Mandelson, ar an 11 Meán Fómhair 2025 mar gheall ar a chaidreamh le Jeffrey Epstein. Chuir an scannal seo isteach ar phleananna an rialtais.

Ar an 13 Meán Fómhair, labhair Elon Musk ag agóid ollmhór i gCearnóg Trafalgar, Londain in éineacht le Tommy Robinson. Thug Musk foláireamh go bhfuil an Bhreatain Mhór ag titim as a chéile [6]

Lasmuigh den chaisleán, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”.[3] Mháirseáil na mílte agóideoir i Londain faoi "Stop Trump Coalition" . Chuir grúpa "Everyone Hates Elon" (Elon Musk) íomhá mhór 400 méadar cearnach de Trump agus Epstein ar bhalla Windsor.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. RnaG (2025-09-16). "Tom Ó Ceallaigh - Tráchtaire ar ghnóthaí na Breataine." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  2. RnaG (2025-09-17). "Tús Áite: Turas Stáit Trump chun na Breataine" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  3. 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (20 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  4. "What was it like in Donald Trumps press pool during his Uk visit?" (en). RTE Radio (2025-09-19). Dáta rochtana: 2025-09-20.
  5. Ryan Browne (2025-09-16). "Microsoft, Nvidia, other tech giants plan over $40 billion of new AI investments in UK" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  6. Aneesa Ahmed (2025-09-13). "Elon Musk calls for dissolution of parliament at far-right rally in London" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-09-14.