Cruidín ceiriúlach
| Alcedo coerulescens | |
|---|---|
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 22683117 |
| Sonraí | |
| Meánlíon in ál | 4.2 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Coraciiformes |
| Fine | Alcedinidae |
| Géineas | Alcedo |
| Speiceas | Alcedo coerulescens (Vieillot, 1818) |
Is cruidín é an cruidín ceiriúlach (Alcedo coerulescens) san fhofhine Alcedininae ata de bhunadh áiteanna áirithe san Indinéis.[1] Le himprisean atá niamhghorm den chuid is mó, tá se an-chosúil leis an mhurlach mara, ach tá a chodanna íochtair bán seachas oráiste. Bíonn na fireannaigh níos goirme ná na baineannaigh a mbíonn níos glaise de ghnáth. Baistear an cruidín gorm beag air in amanna ach san Indinéis agus in roinnt codanna den Áise, baineann an t-ainm sin le Alcedo atthis (murlach mara).[2]
Tacsonamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an t-éaneolaí Franacach Louis Pierre Vieillot an chéad chur síos fhoirmiúil ar an chruidín cheiriúlach sa bhliain 1818. Chum sé an t-ainm déthéarmach Alcedo coerulescens.[3][4] Tagann an buafhocal coerulescens ón Laidin caerulescens a chiallaíonn "goirme".[5] Tá an speiceas seo monatíopach.[6]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cruidín beag le fad de 13 cm (5.1 or) é an cruidín ceiriúlach. Tá imreacha áille goirme le lóir bhána ar a chodanna uachtair le paiste bán feiceálach ar an dá thaobh den mhuineál. Tá a chodanna íochtair bán le banda uchta gormghlas air. Tá gob dubh agus cosa dubhdhonna air. Is murtallaí agus glaise atá clúmh an bhaineannaigh agus tá banda uchta níos cúinge aici.[7]
Dáileadh agus gnáthóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is de bhunadh Sumatra, Iáva, na hOileáin Kangean, Bailí, Lombok agus Sumbawa an cruidín ceiriúlach, ná háiteanna seo ar fad lonnaithe san Indinéis. Is speiceas cónaithe é a chuireann faoi in áiteanna ísle i ngar do shruthanna, canálacha, goirt ríse faoi uisce agus inbhir thaoide.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ IUCN (2024-06-12). "Alcedo coerulescens: BirdLife International: The IUCN Red List of Threatened Species 2024: e.T22683117A263710268" (as en). doi:.
- ↑ Ali, S.; Ripley, S.D. (2001). "Bird Number 722-724". Handbook of the Birds of India and Pakistan (2 ed.) 4: 72–78. Deilí Nua: Oxford University Press.
- ↑ Vieillot, L.P. (1818). "Nouveau dictionnaire d'histoire naturelle, appliquée aux arts, à l'agriculture, à l'économie rurale et domestique, à la médecine, etc." (in French) 19. Paras: Deterville. doi:.
- ↑ Peters, J.L., eag. (1945). "Check-list of Birds of the World" 5: 175. Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press.
- ↑ Jobling, J.A. (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names": 113. Londain: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ World Bird List Version 7.2 (2017). Gill, F.; Donsker, D. eag.: "Rollers, ground rollers & kingfishers". International Ornithologists' Union. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2017.
- 1 2 Fry, C. H.; Fry, K.; Harris, A. (1992). "Kingfishers, Bee-eaters & Rollers: a handbook": 210-211. Londain: Christopher Helm [u.a.]. ISBN 978-0-7136-8028-7.