Crith talún na hAfganastáine 2025
| ||||
| Cineál | crith talún | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 31 Lúnasa 2025 | |||
| Tír | an Afganastáin | |||
| Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 6 | |||
| Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 6 | |||
| Scála déine Mercalli | Mercalli scale IX (en) | |||
| Doimhneacht ingearach | 8 km | |||
| Líon básanna | 2,200 | |||
| Líon gortaithe | circa 3,120 | |||
D’fhág crith talún ar an 31 Lúnasa 2025, in oirthear na hAfganastáine,[1] gar don teorainn leis an bPacastáin, os cionn 3,000 duine marbh. Bhain an crith talún croitheadh as foirgnimh ó Kabul go dtí príomhchathair na Pacastáine, Islamabad.

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Afganastáin ina suí ar roinnt éasclínte nó scoilteanna ar dhromchla an domhain mar a dtagann dhá phláta teicteonach le chéile, rud a fhágann nach annamh a bhíonn creathanna talún ag bagairt ar phobal na tíre sin. Tá Nangarhar suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil plátaí teicteonacha na hIndia agus na hEoráise ag brú a chéile, agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta.
Tagann an pláta teicteonach Indiach agus an pláta Eoráiseach le chéile i sliabhraon an Hindu Kush agus is ansin is minice a bhíonn na creathanna talún. Níl sé ach dhá bhliain ó shin, in 2023, nuair a maraíodh os cionn 1.000 duine i sraith creathanna i gcúige Herat. An bhliain roimhe sin maraíodh os cionn 1000 duine eile i gcrith talún i gcúige Paktika.[2]
Scrios
[cuir in eagar | athraigh foinse]Crith talún a bhí neart a IX (as I-XII) ar Scála déine Mercalli (athraithe ) a bhí sa gceann seo. Is i gceantar iargúlta sléibhtiúil, i gcúige creagach Kunar, a bhí eipealár an chreatha, tuairim is 30 ciliméadar soir ó thuaidh de chathair Jalalabad i gcúige Nangarhar agus 140 ciliméadar soir ó phríomhchathair na hAfganastáine, Cabúl.
Tharla an crith go gairid roimh an meán oíche (ag 11.47pm), am na háite, agus bunáite na tíre ina gcodladh.
Cúnamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na húdaráis san Afganastáin ag brath ar ghar na gcomharsan agus ar lámh chúnta thíortha is saibhre an domhain le dul i ngleic leis an éigeandáil. Ach ní raibh an fonn céanna agus a bhíodh ar thíortha sa réigiún fortacht ar lucht an chaill, áfach, agus dealraíonn sé gur taobh leo féin cuid mhór a bheas na hainniseoirí in Nangarhar.[3]
1 Meán Fómhair
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2025 Afghanistan earthquake
- ↑ "Os cionn 800 duine maraithe i gcrith talún neart a 6 san Afganastáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-01). Dáta rochtana: 2025-09-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-01). "Na céadta maraithe i gcrith talún san Afganastáin" (as ga-IE).
