Crith talún Veiniséala 2026
| ||||
| Cineál | doublet earthquake (en) | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 24 Meitheamh 2026 | |||
| Fad ama | 60 s | |||
| Suíomh | Yaracuy, Veiniséala (en) Montalbán, Veiniséala | |||
| Tír | Veiniséala | |||
| Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 7.2 7.5 | |||
| Scála déine Mercalli | Mercalli scale VIII (en) | |||
| Líon básanna | circa 3,600 | |||
| Líon gortaithe | 16,700 | |||
| Líon ar iarraidh | 18,000 | |||
Maraíodh na mílte duine agus gur gortaíodh na mílte eile mar gheall ar dhá mhórchrith talún a tharla i bhfoisceacht nóiméid dá chéile i dtuaisceart Veiniséala ar an 24 Meitheamh 2026.[1][2] Rinne na creathanna talún go leor damáiste i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas.[3][4]


Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i réigiún La Guaira, 160 ciliméadar siar ón bpríomhchathair Caracas, a bhí eipealáir an dá chrith.. Dar le suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur méid sheismeach de 7.2 Mw agus 7.5 Mw a bhí sa dá chrith talún faoi seach (tá 7.5 Mw beagnach trí uair[5] níos láidre na 7.2 Mw ar scála méide na móiminte). Bhuail siad an tír ag 18:04:33 agus ansin 18:05:11 VET (UTC-4).
Tá Veiniséala suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil dhá phláta theicteonacha ag brú in aghaidh a chéile go seasta.[1]
Bhí a lán daoine eile sáinnithe i smionagar na bhfoirgneamh a leacaíodh de bharr na gcreathanna. Bhí cuid mhór foirgneamh scriosta agus daoine fágtha gan dídean dá réir.
Baineadh croitheadh mór freisin as an réigiún máguaird, Caracas san áireamh, ceantar cathrach a bhfuil breis agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ann.
Is cosúil nach ndearna na creathanna aon damáiste suntasach do bhoneagar ola Veiniséala, bunchloch eacnamaíochta na tíre.
Cúnamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'iarr uachtarán eatramhach Veiniséala Delcy Rodriguez cabhair ar rialtais agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta féachaint le teacht ar na daoine sin, le fóirithint ar dhaoine i ngátar agus le bonneagar an réigiúin a atógáil. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go mbeadh sé féin sásta an oiread cúnaimh agus ba ghá a thabhairt do mhuintir Veiniséala.[1]
Tháinig foirne tarrthála óna Stáit Aontaithe, Meicsiceó, An Chátar, An Spáinn chomh maith leis Na Náisiúin Aontaithe chuiig Veiniséala agus iad ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine sa smionagar, bíodh siad beo nó marbh.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-06-25). "Dhá chrith talún in éineacht i Veiniséala, go leor maraithe" (as ga-IE).
- ↑ i mBéarla, 2026 Venezuela earthquakes
- ↑ Angus Lambkin : Oibrí daonchairdis Idirnáisiúnta ar RnaG (26 Meitheamh 2026). "Cén chaoi a dtabharfar faoin obair fhóirthinte?" (as ga-IE).
- ↑ Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar. (25 Meitheamh 2026). "Tús Áite / RnaG: Creathanna Talúin sa Veinéiséala" (as ga-IE).
- ↑ 2.84 le bheith cruinn beacht faoi
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-06-26). "600 duine maraithe i Veiniséala ag na creathanna talún" (as ga-IE).
