Jump to content

Crith talún Mhaenmar, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Mhaenmar, 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 22° 00′ 47″ N, 95° 55′ 19″ E / 22.013°N,95.922°E / 22.013; 95.922
Cineálcrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Márta 2025 (12:50:54. UTC+06:30) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSagaing, Maenmar Cuir in eagar ar Wikidata
TírMaenmar Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis le2025 Bangkok skyscraper collapse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.7 Cuir in eagar ar Wikidata
Scála déine MercalliMercalli scale X (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach10 km Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3,400 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 28 Márta 2025, tharla crith talún deich gciliméadar faoi thalamh sa réigiún Sagaing sa Mhaenmar, tuairim is sé chiliméadar déag ó thuaidh ó Chathair Mandalay, in iarthuaisceart Mhaenmar.[1] Méid sheismeach de 7.7 a bhí sa chrith. Thart ar am lóin, am na háite, a tharla an crith agus, mar bharr ar an tubaiste, tharla iarchrith a raibh méid sheismeach de 6.4 ann cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.[2]

Tulca uisce in iardheisceart na Síne[3]
Oibrithe sáinnithe faoi smionagar ilstóraigh sa Téalainn
Pálás Mandalay

Tá Saigaing agus an ceantar máguaird suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil dhá phláta theicteonacha ag brú a chéile, agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta. Sin ráite bhí iontas ar chách gur buaileadh Bancác sa Téalainn agus Yunnan sa tSín chomh maith.

Ní raibh an chrith go domhain faoi thalamh. Dá bharr sin, rinne an crith an t-uafás damáiste.

Bhí teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021; bhí smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus bhí sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin.[4]

Maraíodh na mílte agus gortaíodh go leor eile.

Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar an cheantair i Mandalay – leacaíodh foirgnimh, scoilteadh bóithre agus thug an droichead is mó san áit uaidh. Rinneadh an-damáiste chomh maith i bpríomhchathair Mhaenmar, Naypyidaw (nó Nay Pyi Taw) atá 240 ciliméadar ó dheas ó Sagaing.[2]

Baineadh croitheadh as áiteanna sa Téalainn agus sa tSín chomh maith. Leacaíodh foirgnimh sa Téalainn freisin. Bhí thart ar dhá scór oibrí sáinnithe faoi smionagar ilstóraigh a bhí siad a thógáil sa phríomhchathair Bancác. Airíodh an crith in iardheisceart na Síne leis (cúige Yunnan).[2]

Cogadh agus fóirithint

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí deachtóireacht mhíleata i réim ag an am agus cogadh cathartha ar siúl. Lean trúpaí de chuid Rialtas Maenmar orthu ina dtroid i gcoinne na reibiliúnaithe.[5] Ar an 28 Márta, thug aerfhórsa na tíre ruathar ar a laghad 3 huaire faoi réigiún Sagaing, áit a raibh croílár an chreatha. D'iarr na Náisiúin Aontaithe ar an Junta leagan as na hionsaithe fad is a bhí obair cuardaigh agus tarrthála ar bun ag foirne éagsúla.[5]

Ní raibh fóirithint ar bith le fáil ar dtús sa Mhaenmar. Bhí "polasaí laissez-faire" nó níos measa fós ag an rialtas.[6] Mar sin féin, d'fhógair an rialtas míleata i Maenmar staid éigeandála agus rinne an rialtas achainí ar thíortha eile teacht i gcabhair ar Mhaenmar go téirimeach.[2]

Bhí an teocht chomh hard le 40 céim sa réigiún ag an am.[7]

Bhraith seismeagraif in Éirinn an crith talún, más ar éigean féin é. Ba i Loch Garman ba mhó a braitheadh an crith deirtear, go gairid tar éis 7 a chlog ar maidin.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Mandalay" (as en) (2025-03-28). Wikipedia.
  2. 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2025-03-28). "Na céadta maraithe, gortaithe i gcrith talún i Maenmar" (as ga-IE).
  3. Sabrina Penty (2025-03-28). "Shocking moment rooftop infinity pool in China sweeps away shoppers". Mail Online. Dáta rochtana: 2025-03-29.
  4. Conradh na Gaeilge Londain (29 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-29.
  5. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-03-30). "Trúpaí Rialtais fós i mbun cogaíochta i Maenmar" (as ga-IE).
  6. Nuacht RTÉ (2025-03-30). "Trúpaí Rialtais fós i mbun cogaíochta i Maenmar" (as ga-IE).
  7. Nuacht RTÉ (2025-03-31). "Crith talún i Maenmar: iarratas ar chabhair idirnáisiúnta" (as ga-IE).
  8. Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Breis is 1,000 marbh anois ag an gcrith talún" (as ga-IE).