Jump to content

Crios sábhála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is bailiúchán strapaí atá sa chrios sábhála[1] atá feistithe go leordhóthanach leis an bhfeithicil, agus ar a bhfuil búcla daingnithe. Caithfidh gur féidir na strapaí seo a choigeartú. Tá an crios sábhála ceaptha an baol gortaithe a laghdú i dtimpiste nó i dteagmhas trí do ghluaiseachtaí a shrianadh.[2]

Déantar go leor daoine a ghortú, a ghortú go trom nó a mharú ar ár mbóithre gach bliain in Éirinn. D’fhéadfadh cosc a chur ar roinnt de na gortuithe agus na básanna seo dá ndéanfaí tiománaithe agus paisinéirí a shrianadh i gceart ag criosanna sábhála nó srianta sábháilteachta linbh.

Is féidir fíneáil €120 a ghearradh ar dhaoine i gcarranna mura mbíonn crios sábhála á chaitheamh acu.

Caithfidh gach leanbh faoi 150 ceintiméadar ar airde nó ar a bhfuil meáchan níos lú ná 36 cileagram srian sábháilteachta linbh a úsáid atá oiriúnach dá n-airde agus dá meáchan fad a bhíonn siad ag taisteal i ngluaisteán nó i bhfeithicil earraí (seachas tacsaí).

D'éirigh sé éigeantach criosanna sábhála a chaitheamh ar bhusanna in Éirinn in 2006. Anois má tá criosanna sábhála feistithe, caithfidh tiománaithe agus paisinéirí araon iad a chaitheamh. Tá freagracht ar an tiománaí a chinntiú go bhfuil srian oiriúnach ar phaisinéirí faoi 17 mbliana d’aois. Caithfidh na criosanna sábhála cuí nó na srianta sábháilteachta cuí a bheith feistithe i ngach bus a iompraíonn leanaí don líon leanaí atá á iompar.[3][2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, safety belt
  2. 2.0 2.1 Citizensinformation.ie. "Criosanna sabhála a úsáid in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-05-23.
  3. Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú), 1971, na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú), 1991 agus I.R. 240/2006 na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Sriantacha do Leanaí i Mótarfheithiclí)