Crióiginic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nítrigine leachtach

Eolaíocht is iniúchadh damhnaí ag teochtaí fíorísle, níos lú ná timpeall 90 K (-183 °C). Is féidir cuid mhaith próiseas a anailísiú níos éasca ag teochtaí fíorísle mar nach gcuireann iarmhairtí teirmeacha isteach orthu, agus bíonn iompar aisteach doréamhinste ag ábhair gar don dearbhnialas teochta. Sampla fíorspéisiúil is ea forsheoltacht ábhar áirithe faoi bhun teochtaí criticiúla atá sainiúil do na hábhair ar leith sin. Sampla eile is ea forshreabhacht ábhar faoi chúinsí teochta ísle.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crióiginic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 180.