Creig na hAbhann
Creig na hAbhann Craigavon | |
---|---|
Daonra (2011) | 16,000 |
Comhairle Áitiúil | Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann |
Ceanntar Parlaiminte | An Bhanna Uachtarach |
Ball Parlaiminte | David Simpson (PAD, 43.5%) |
Contae | Contae Ard Mhacha |
Cúige | Ulaidh |
Bunaíodh an baile Creig na hAbhann (Béarla: Craigavon ) mar an tríú cathair: i dTuaisceart Éireann sna 1960idí / 1970idí. Tá sé suite i gContae Ard Mhacha thuaidh ar an A3 idir Lios na gCearrbhealach agus Cathair Ard Mhacha. Cé gur theip ar na pleananna a raibh ann don chathair, d'fhéadfá a rá go bhfuil Creig na hAbhann mar chroí lár Co. Ard Mhacha sa lá atá inniu ann. Tá an ionad siopadóireachta, 'Rushmere' mar lár na cathrach go fóill ach tá sé i bhfad níos mó agus nua-aimseartha ná mar a bhí i rith bheochan na cathrach agus ós cionn 65 siopa ann i láthair na huaire. Trasna an bhóthair tá 'Marlboro House' go fóill ina seasamh ann ach tá an cuma ar an scéal go mbeidh sé ina luí folamh i gceann cúpla bliain nó mar sin de. Dhruid siopa ollmhór B&Q sa bhliain 2016 ach osclaíodh an fhoirgneamh arís anuraidh (2018) mar ionaid miondíola ina bhfuil rannóg bia M&S; Siopa éadaí O'Neills agus páirc trampailín taobh istigh WeAreVertigo. Tá ionad amháin fós ina luí folamh (Mí Iúil 2019).
Clár ábhair
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Codanna de Chreig na hAbhann iad Port an Dúnáin agus An Lorgain. Níor chríochnaíodh an tionscadal ar fad riamh, agus is féidir leat gorta móra a fheiceáil idir an dá chuid scartha de. Bhí Creig na hAbhann le bheith iontach cosúil leis an mbaile 'Milton Keynes' i Sasana ach theip ar na húdaráis críoch a chur ar Crei na hAbhann. Tá go leor fianaise de seo ann sa lá atá inniu ann, mar shampla, tá go leor bóithre agus timpeallán nach fiú iad ann. Ina theannta sin áfach, bhí ar go leor foirgnimh bheith scriosta toisc nach raibh siad déanta d'ard caighdeán nó toisc go raibh siad ina luí go foladh agus go ndéantar loitiméireacht orthu.
Sula raibh tús curtha le tógadh an chathair, bhí sé ina dhushlán do na húdaráis cuid de muintir na háite a mhealladh chun talamh s'acu a fhágáil. Sa dheireadh bhí air na húdaráis deontais a thabhairt amach do chuid acu ach sheachain cuid daoine eile.
Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Coláiste Imeasctha Brownlow
- Scoil Chuimsitheach Lios Mór
- Bunscoil Druim gCor
- Bunscoil Naomh Antaine
- Bunscoil Naomh Breandán
- Bunscoil Tulaigh Galla
Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]
CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]
- CLG Éire Óg
Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A.F.C. Craigavon
- Craigavon United F.C.
- Craigavon City F.C.
Peil Mheiriceánach[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Craigavon Cowboys
Nascbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo, Éire
- LaGrange, Georgia, SAM