Crannmhaol mac Suibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCrannmhaol mac Suibhne
Beathaisnéis
Bás660
Teaghlach
PáisteFearg mac Crannmhaoil, Máel Tuile mac Crundmaíl Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSuibhne Meann
Duine muintearthaEarnaine mac Fiachna (parent's brother (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Crannmhaol mac Suibhne) (Sean-Ghaeilge Crundmáel mac Suibni (bás c. 660) Suibhne Meann (bás 628), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[1] De réir Sioncronachtaí Laud, tháinig sé i gcomharbacht ar a uncail Ernaine mac Fiachnai (bás 636) agus bhí sé i gcoróin le 24 bliain, a chuireann in úil go raibh réimeas ón mbliain 636 go dtí 660 aige.

Sa bhliain 637, troideadh Cath cabhlaigh Sailtire idir Cineál Eoghain agus Dál Riada ar taobh amháin, agus Cineál Chonaill ar an taobh eile, inár bhuaigh Cineál Chonaill.[2][3] Bhí Cineál Eoghain ag tacú le Conghal Caoch, rí Ulad in éadan an Ardrí Domhnall mac Aodha (bás 642) de Chineál Chonaill. Is dócha é go raibh Cineál Mhic Earca ar an bhfód, agus ní clann Chrannmhaoil, Cineál Fhearadhaigh. Bhí Suibhne athair Chrannmhaoil maraithe ag Conghal Caoch sa bhliain 628.[4]

Níl ach eachtra amháin taifeadta faoina réimeas, mar atá Cath Flescaig, inár chloígh agus mharaigh sé Cumascach mac Ailealla, tiarna Uí Chriomthainn na nOiriall.[5][6]

Rinneadh rí Ailigh fosta dá mhac, Fearg (bás c. 670). Bhí mac eile leis, Maol Tuile, ina athair Fhlainn (bás 700) agus Urthuile, ríthe Ailigh beirt.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • McCarthy, Daniel P., Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  2. Annála Uladh, AU 637.1
  3. Annála Tiarnaigh, AT 639.2
  4. Charles-Edwards, lch. 496, lch. 497, tábla 12.5
  5. AU 656.1
  6. AT 655.1