Jump to content

Crainn & Toir (leabhar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCrainn & Toir
FotheidealCur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir na hÉireann
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirín Uí Chonchubhair Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharluibheolaíocht, crann, tom agus cultúr na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach764 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-5272-8130-1 Cuir in eagar ar Wikidata

Is mórleabhar é Crainn & Toir le Máirín Uí Chonchubhair, a thugann léargas ar nach mór gach crann agus tor atá ag fás in Éirinn. Déanann an Chonchubharach cur síos ann ar stair an fhásra seo agus na cúinsí fáis ar a mbraitheann sé agus stair a scaipthe, chomh maith lena dtábhacht cultúrtha, litríochta, agus míochaine. Tá flúirse ghrianghraif agus léaráidí ann. Dingle Publishing a d'fhoilsigh.[1][2][3]

Tá cur síos sa leabhar ar tuairim is 400 speiceas, idir na cinn atá dúchasach in Éirinn agus na cinn atá tugtha isteach, agus a n-ainmneacha curtha i láthair i Laidin, Gaeilge agus Béarla.[3][1] Pléitear tábhacht na bplandaí seo i gcúrsaí staire, miotaseolaíochta, topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis chomh maith leis an luibheolaíocht, éiceolaíocht agus geolaíocht.[1][4]

Tugann Uí Chonchubhair léargas ar "na hathruithe móra a bhí in Éirinn leis na mílte bliain agus na crainnte is na plandaí a tháinig is a d’imigh le hathrú aimsire is aeráide":[1]

“Chuir Éire trí mhoing agus trí mhaoláid di. Bhí crainnte móra agus fásra ar fud an oileáin ar feadh tréimhsí agus ina dhiaidh sin arís ní raibh faic ag fás. D’ardaigh an fharraige agus bádh ana-chuid de na crainnte. Bhí Éire istigh sna rudaí sin go léir agus tá a lorg le feiceáil i gcónaí ag na seandálaithe.”[1]

Tá an leabhar ina chúig roinn, le 2,000 grianghraf daite, 400 léaráid agus 60 tábla.[3][4][5] Deir an t-údar go ndearna sí iarracht "pictiúir a fháil de gach séasúr. Pictiúir de na bachlóga agus na torthaí a thagann ar na crainn. An saghas toradh a thagann ar an gcrann agus mar sin de".[1] Ar 299mm ar airde, 237 ar leithead agus 764 leathanach ar fad idir chlúdach crua, maítear gurb í an leabhar is mó dar foilsíodh riamh i nGaeilge í.[4]

Scríobh an leabhair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an Chonchubharach na blianta fada ag obair ar an leabhar seo.[6] "Saothar saoil" a thug léirmheastóir amháin air.[2]

Bhí leabhar eile luibheolais scríofa aici agus is tar éis di Flóra Chorca Dhuibhne a chur i gcrích a rith sé léi leabhar a scríobh faoi chrainn na hÉireann, bíodh nach bhfuil mórán crann ina ceantar dúchais.[1]

Thug an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta cúnamh di teacht ar na príomhfhoinsí maidir le seanscéalaíocht na nGael agus chabhraigh príomhoide Choláiste Eoin, Finín Ó Máirtín leis an léamh profaí.[1]

Deir Uí Chonchubhair go bhfuil súil aici "ár ndualgas i leith chaomhnú an dúlra" a chur abhaile orainn.[4] Lena ais sin áfach, deir sí go bhfuil "súil agam go mbainfidh daoine súp as, an bhfuil a fhios agat? Go mbainfidh daoine taitneamh as".[1]

Sheol John McLoughlin an leabhar i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 14 Márta 2024.[1][3]

"Éacht dóchais agus saothar grá" a thug Bridget Bhreathnach ar an leabhar ar Tuairisc, "agus oidhreacht álainn é do na glúnta atá le theacht".[1] Dúirt freisin go bhfuil "cuma seoidleabhair" air.[2]

Thug Ciarán Lenoach (Nuacht RTÉ) "saothar cuidsúlach pointeáilte" agus "leabhar úimléideach" air, ag tabhairt le fios bíodh gur cur síos "cuimsitheach eolaíochtúil" é, nach bhfuil sé "tur ar aon bhealach". Thuar sé "go mbeidh tóir uirthi a fhad is a mhairfidh suim an duine ina thimpeallacht agus sa chomhshaol a bhfuil sé ag brath air!"[4]

Shíl Éanna Ó Caollaí (The Irish Times) go mbeadh sé "riachtanach do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa dúlra ach beidh luach ar leith leis do scoileanna freisin."[3] Níor taise dó ó thaobh dealraimh de: "Níl bealach ceart cur síos a dhéanamh ar áilleacht an leabhair seo i scríbhinn; ní thuigtear é go dtí go bhfeictear é."[7] "Ní minic a fhoilsítear leabhar mar é i dteanga ar bith."[3]

Thug Darragh Ó Caoimh (Comhar) "éacht taighde agus foilsitheoireachta" air, agus b'é "Leabhar na Bliana" Aonghuis Uí Almhain: "Eolaíocht agus seanchas. Léaráidí agus pictiúir. Tobar feasa."[8]

"Tá fios fátha agus faisnéis chéadach maidir le crainn agus toir sa leabhar éachtach seo" dar le Dónall Ó Braonáin (Tuairisc.ie), leabhar a thugann léargas dúinn ar "thábhacht na bithéagsúlachta atá in aice láimhe" agus dúirt gur fiú an praghas é.[6]

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an saothar ag Oireachtas na bliana 2024.[6][9][10]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirmheasanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 Bridget Bhreathnach (2024-03-13). "Éacht dóchais agus saothar grá – cuntas Mháirín Uí Chonchubhair ar 400 crann agus tor". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 Bridget Bhreathnach (2024-03-05). "NUAFHOILSITHE: Cuma an tseoidleabhair ar shaothar Gaeilge nua faoin dúlra". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Éanna Ó Caollaí (18 Márta 2024). "Iontas na gCrann: tiocfaidh an duilliúr agus ansin an bláth". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Ciarán Lenoach (14 Márta 2024). "Crainn agus Toir: cránaí leabhair a mbeidh an-tóir uirthi". Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 19 Nollaig 2025.
  5. Áine Ní Dhonnaile (9 Nollaig 2024). "Leabhair Ghaeilge le cur ar do liosta Nollag an bhliain seo". Scéal. 
  6. 6.0 6.1 6.2 Dónall Ó Braonáin (2024-12-17). "Na 10 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2024…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  7. Éanna Ó Caollaí (22 Iúil 2024). "Samhradh na Leabhar". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-12-19.
  8. Tomaí Ó Conghaile, Caitlín Nic Íomhair, Brian Ó Conchubhair, Éilis Neary, Darragh Ó Caoimh, Pól Ó Muirí, Aonghus Ó hAlmhain, Catherine Foley, Máire Zepf, Gearóidín Nic Cárthaigh (Nollaig 2024). "Leabhair na bliana". Comhar 84 (12): lgh 26–31. 
  9. "20 leabhar ainmnithe do ghradaim ‘Leabhair Ghaeilge na Bliana’ 2024". Tuairisc.ie (2024-08-22). Dáta rochtana: 2025-12-19.
  10. An tOireachtas. "Buaiteoirí 2024 || An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-15. Dáta rochtana: 2025-12-19.