Crómatagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na comhábhair in eastóchán planda scartha óna chéile, iad á léiriú ag na dathanna difriúla

Is é atá sa chrómatagrafaíocht ná scaradh comhábhar i meascán (an pas soghluaiste) trína chur trí phas eile (an pas fosaithe), ag baint feidhm as an difríocht idir ionsú na gcomhábhar sa dá phas. Tá cuid mhaith córas in úsáid chuige seo: ceann amháin is ea crómatagrafaíocht páipéir, a léirítear i scaradh na gcomhlíocha i ndúch nuair a dhoirtear an dúch ar pháipéar síoda; ceann eile is ea crómatagrafaíocht gáis/leachta (GLC) a úsáidtear chun meascán gás a scaradh.