Jump to content

Críth Gablach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadCríth Gablach
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSean-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Féineachas agus stádas dlíthiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú8 haois Cuir in eagar ar Wikidata

Cnuasach dlíthe de chuid seanchas na hÉireann SeanGhaelaí is ea Ceannach Gabhlach (Sean-Ghaeilge Críth[1] Gablach), scríofa ag tús na 8ú haoise. Is é b'fhéidir an tráchtas stádais is cáiliúla atá ann, agus cinnte an ceann is so-aimsithe — tá eagrán nua-aimseartha foilsithe ag an Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.[2]

Leagtar amach é i bhfoirm ceist-agus-freagra, ag plé leis na haicmí shóisialta de phobal na hÉireann ársa, a chearta agus a dhualgais. Is soiléir é ón ainm 'Ceannach Gabhlach', gurbh fhéidir cách a aicme a athrú (nó a cheannach), de réir an nath 'fearr fear a chineadh',[3] ach amháin gur ghá dul ó ghabhal go gabhal.

Roinneadh an tsochaí ina seacht n-aicme, ó ríthe go daoir, ó thaobh an dlí de. Sonraíodh go cruinn lóg n-enech, tomhas na dtithe, seilbh is lú na mbó, cineál biadh, aoine, plean suíochán, conas ba ghá cliantacht a shocrú, srl. Is amhlaidh ámh nach úsáidfí a rialacha ar bhealach praiticiúil. Mar shampla, tá sonraí cliantachta ann fiú d'uaisle is airde, nach mbeadh riamh ina gcliaint.

I dteannta leis an bpríomhthéacs, faightear dán sa lámhscríbhinn, díreach ag an deireadh.[4]

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear an téacs de Críth Gablach i dtrí lámhscríbhinn,[5] neamhiomlán gach aon ceann acu, ach le chéile tá an rud go léir againn. As an 16ú haois atá gach scríbhinn, as an scoil dlí Mhic Aodhagáin.[6]: xii  Is é Eoghan Ó Comhraí an chéad eagarthóir ar an téacs (1873 agus 1879). Chuir sé aistriúchán ar fáil, cé gur "tuairimíocht" é an-chuid de. D'fhoilsigh Eoin Mac Néill (1923) aistriúchán níos fearr, agus D. A. Binchy (1941) eagrán nua den tSean-Ghaeilge.[6]: xi 

Cé nach bhfuil deireadh an téacs ach in aon scríbhinn amháin, is doiléir é an gá an dán gearr dlí (nó roscadh) a bheith ann. Tá Liam Breatnach ar son na smaointe, ach tá Mac Néill agus Binchy ina choinne.[7]: 242 

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. críth ar eDIL
  2. Binchy 1979. Tá aistriúchán Béarla údarásach ann le Mac Neill, 1923, ll. 265–316.
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, ll. 989 ff., 1020.
  4. Breatnach 2005, ll. 242–243. Tá aistriúchán Béarla le fáil ar ancienttexts.org, cé go dtugtar an t-ainm Crith Gablach go míthreorach air, agus léirítear D. Binchy mar aistritheoir.
  5. Leabharlann Choláiste na Tríonóide LS 1337, féach Críth Gablach ar CODECS
  6. 6.0 6.1 "Críth Gablach" (1941) 11. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  7. Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.