Cré Shíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cré Shíneach

Cré íon is ea an chré Shíneach, agus í cruthaithe as dianscaoileadh na hiathchloiche as eibhear. Comhdhéanta as an mianra caolainít, ar sileacáit hidriúil alúmanaim í. Úsáidtear í i ndéanamh poircealláin mhín, agus mar líonach i ndéanamh páipéar is péinteanna. Úsáidtear í go teiripeach sa tSín leis na céadta bliain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cré Shíneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 179.