Cráitéar Chicxulub

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

 

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCráitéar Chicxulub
Íomhá
CineálImpact crater (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinYucatán, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 21°24′00″N 89°31′00″W / 21.4°N 89.516666666667°W / 21.4; -89.516666666667
Tréithe
Toisí180 (trastomhas) km
Stair
Blian aimsithe1981 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh66 milliún bliain RCh Cuir in eagar ar Wikidata

Cráitéar imbhuailte is ea an Cráitéar Chicxulub atá curtha faoi Leithinis an Yucatáin, i Meicsiceo. Tá a lárionad suite amach ón gcósta in aice le pobal Chicxulub, a bhfuil sé ainmnithe ina dhiaidh. Cruthaíodh é beagán os cionn 66 milliún bliain ó shin nuair a bhuail astaróideach mór, timpeall ar 10 gciliméadar ar trastomhas, an Domhan. Meastar go bhfuil an cráitéar ar 180 ciliméadar ar trastomhas, agus ar 20 ciliméadar ar doimhneacht. Is é an dara struchtúr imbhuailte deimhnithe is mó ar domhan, agus an t-aon cheann a bhfuil a bhuaicfháinne slán agus insroichte go díreach le haghaidh taighde eolaíoch.

D'aimsigh Antonio Camargo agus Glen Penfield an cráitéar, geoifisiceoirí a bhí ag lorg peitriliam i Leithinis an Yucatáin le linn deireadh na 1970idí. Ar dtús, ní raibh Penfield in ann fianaise a fháil go raibh an ghné gheolaíoch cráitéir ina chráitéar agus thug sé suas a chuardach. thug d'éirigh sé as a chuardach. Níos déanaí, trí theagmháil le Alan R. Hildebrand i 1990, fuair Penfield samplaí a thug le le tuiscint gur ghné imbhuailte a bhí ann. I measc na fianaise d'imbhuailte an chráitéir tá grianchloch thurrainge a bhfuil aimhrialtacht domhantarraingthe agus teictití sna ceantair máguaird.

Comhtharlaíonn dáta an imbhuailte le teorainn an Chailcigh - Pailéigéine (ar a dtugtar teorainn K-Pg nó K-T de ghnáth). Glactar leis go forleathan anois gurbh é an léirscrios agus cur isteach ar an aeráid ba chúis leis an teagmhas díobhaidh an Chailcigh-Pailéigéine, olldíothú 75% de speicis phlandaí agus ainmhithe ar an Domhan, lena n-áirítear na dineasáir neamhéanúla go léir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]