Coup d’état an CIA san Iaráin, 1953
| ||||
| Cineál | coup d'état | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Abadan Crisis (en) | |||
| Tréimhse | 18 - 19 Lúnasa 1953 | |||
| Suíomh | Tehran, An Iaráin | |||
| Tír | an Iaráin | |||
| Eagraí | Seirbhís Faisnéise Rúnda agus Central Intelligence Agency | |||
| Meán cumarsáide | ||||
| Codanna | ||||
Ar an 19 Lúnasa 1953 cuireadh an rialtas de chuid Mohammad Mossadegh, Príomh-Aire na hIaráine, as cumhacht. D’eagraigh Lárghníomhaireacht Fhaisnéise (LF) na Stát Aontaithe agóidí sráide agus buíon mhíleata agus d’éirigh leis an LF coup d'état a a chuir i bhfeidhm.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1950í bhí sé mar aidhm ag LF gluaiseachtaí daonlathacha a chur faoi chois a bhagair ar mhianta straitéiseach agus corparáideach na Stát Aontaithe. Tharla seo ní hamháin san Iaráin, ach sa tSile, sa Tuirc agus tíortha eile nach iad.[1]
Chinn an CIA go gcaithfí fáil réidh le Príomh-Aire na hIaráine, Mohammad Mossadegh an tráth sin. Bhí sé de dhánacht aige go ndearna sé náisiúnú ar thionscail ola na tíre, a bhí faoi smacht ag an gComhlacht Ola Angla-Iaránach (COAI) roimhe sin, an comhlacht Briotanach.
Ghlac an Iaráin inspioráid ón náisiúnachas Arabach a bhí ag borradh an tráth sin. Mhol an tír go mbeadh córas ann ina roinnfí an brabús 50/50 mar a tharla leis an múnla Saudi-Meiriceánach. Ach dhiúltaigh na Sasanaigh do gach comhréiteach, rud a spreag parlaimint na hIaráine náisiúnú a dhéanamh ar an COAI in 1951. Thairg Mossadegh 25% den bhrabús don Ríocht Aontaithe agus gheall sé go gcoimeádadh fostaithe an chomhlachta a bpoist.
Níor leor sin do rialtas Londain agus tosaíodh ar fheachtas cogaíochta eacnamaíche: bacainní agus baghcat ar an ngeilleagar agus reo ar acmhainn na Iaráine i measc bearta eile. Ainneoin an bhrú ar fad, thacaigh cosmhuintir na hIaráine go mór le polasaí an náisiúnaithe, rud a d’fhág nach mbeadh sé indéanta dul siar air.[1]
An coup
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’iompaigh an Ríocht Aontiathe agus SAM ar bhearta faoi cheilt ina dhiaidh sin. Dhearbhaigh an gníomhaí LF Kermit Roosevelt don Shah gur thacaigh Churchill agus Eisenhower le fáil réidh le Mossadegh. D’fhoilsigh an Shah forógra ríoga i mí Lúnasa 1953 a gcur brú ar Mossadegh éirí as, ach níor ghéill an príomh-aire. D’áitigh sé gur ag an bparlaimint amháin a bhí an chumhacht fáil réidh leis.
I ndiaidh gur theip ar an gcéad iarracht ar coup, agus theith an Shah chun na Róimhe. D’eagraigh an LF agóidí sráide agus buíon mhíleata agus d’éirigh leis an coup ar an 19 Lúnasa. Tháinig an Shah ar ais chun na hIaráine agus tuilleadh cumhachta, ollsmacht nach mór, aige. Sáraíodh cearta daonna ar bhonn leanúnach sna blianta ina dhiaidh sin.
Ní féidir réabhlóid Ioslamach 1979 a thuiscint gan comhthéacs coup 1953. Scriosadh forbairt dhaonlathach na hIaráine nuair a fuair an tIarthar réidh le Mossadegh. Treisíodh ar an riail údarásaíoch.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-03-13). "Coup d’état an CIA san Iaráin, 1953" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-16.
