Jump to content

Coup d'État 2002 i Veiniséala

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoup d'État 2002 i Veiniséala
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 10° 30′ 22″ N, 66° 54′ 52″ O / 10.5061°N,66.9144°W / 10.5061; -66.9144
Cineáliarracht coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseAibreán 2002
Dáta na bliana11 Aibreán 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaracas, Veiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
TírVeiniséala Cuir in eagar ar Wikidata

Rinneadh iarracht Hugo Chavez, Uachtarán Veiniséala (1999-2013), pobalóir agus i bhfad amach ar an eite chlé, a chur as oifig i gcoup d'état ar 11 Aibreán 2002. Ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é dhá lá níos déanaí.

agóid, 11 Aibreán 2002
Na Chavista, lucht tacaíochta de chuid Chavez, 11 Aibreán 2002
Saighdiúirí "Chavista", 13 Aibreán 2002
Hugo Chavez, 14 Aibreán 2002

Agus é ina oifigeach airm, bhí Chavez i mbun dhá coup d'état in 2002, mí Feabhra[1] agus mí na Samhna.[2] Theip air agus gabhadh é.

Príomhalt: Caracazo

Toghadh Hugo Chávez ina Uachtarán i 1998 Sna blianta roimh an iarracht ar coup in 2002 i Veiniséala, d’éirigh leis an "Réabhlóid Bholavarach" an bhochtaineacht sa tír a laghdú go mór.[3]

Baineadh sin amach tríd an teacht isteach ón ola, agus praghas an-ard ag an am (go minic $30 an bairille 1999-2002, ach $20 an bairille sna 1990idí).[4] Leathnaigh rialtas Hugo Chávez an rochtain a bhí ag na bochtáin ar na córais sláinte agus oideachas go mór. Bhí na fáltais ó cháin go maith (tríd an teacht isteach ón ola) agus cuireadh dochtúirí (as Cúba), ionaid sláinte, cláir litearthachta agus cláir bhia ar lacáiste isteach sna barrios a bhí imeallaithe le fada ag uasaicme de shliocht coilíneach na tíre.

Rinneadh leathnú chomh maith ar an rannpháirtíocht pholaitiúil. Ghlac comhairlí pobail agus eagraíochtaí ón mbun aníos an lucht oibre agus na bochtáin isteach i bpróiseas ina raibh cinntí poiblí le déanamh acu den chéad uair i stair na tíre.

Ar an 11 Aibreán 2002 rinne an freasúra mórshiúl ar Miraflores, foirgneamh rialtas Veiniséala. Ní agóid chun míshástacht a léiriú leis an rialtas a bhí i gceist, ach iarracht an daonlathas a iompú bunoscionn tríd an lámh láidir agus claontacht na meán.

Ar lá an coup, bhog an freasúra an mhórshiúl ó sprioc ceanncheathrú an PDVSA (an comhlacht stáit ola), i dtreo phálás an uachtaráin gan choinne gan chead. Mhaígh cinnirí an fhreasúra gur gníomh riachtanach a bhí ann chun “an daonlathas a tharrtháil”. Ghabh oifigigh shinsearacha san arm Chávez. Agus nuair a ghlac Pedro Carmona, ceannaire an fhreasúra, cumhacht ina áit chuir sé deireadh leis an gComhdháil Náisiúnta, an Chúirt Uachtarach, agus gach údarás tofa sa tír. Dúirt sé “nach raibh na hinstitiúidí ag feidhmiú”, ach i ndáiríre ní raibh siad ag glacadh lena orduithe.

Rinne na meáin phríobháideacha ceiliúradh ar an coup. D’fhógair craoltóir amháin gur “bhain Veiniséala saoirse amach”.

Ní raibh an móramh sásta glacadh leis an coup. Rinneadh na deicheanna de mhílte a shlógadh: gnáthdhaoine, oibrithe, trádálaithe bochta, ógánaigh dhífhostaithe agus grúpaí pobail. D’éiligh siad go dtabharfaí ar ais a n-uachtarán agus an rosc “Queremos a Chávez” (táimid ag iarraidh Chávez) acu. Murab ionann agus slógadh an fhreasúra a ndearnadh pleanáil air ón mbarr anuas le tacaíocht na bPoncánach, tharla an slógadh ar son Chávez ón mbun aníos ar bhealach nádúrtha. Mar a dúirt duine de lucht na Chávismos, “bhain siad ár vóta dínn. Tháinig muid chun é a ghlacadh ar ais”.

Bhí an t-arm scoilte ar bhonn aicme. Cé gur thacaigh roinnt oifigigh shinsearacha le luchta Pedro Carmona, dhiúltaigh oifigigh ag an meánleibhéal agus na gnáthshaighdiúirí tacú leis an coup. D’áitigh oifigeach amháin ag an am go raibh “na daoine ag seasamh le Chávez, agus go bhfuil muidne ag seasamh leis na daoine.”

Scaoileadh saor Chávez ar an 13 Aibreán. Cháin na Stáit Aontaithe an iarracht ar coup d'état.[5]

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Chávez reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é. Bhuail ailse é agus d'éag sé ar 5 Márta 2013, in aois 58 bliain dó.

Tháinig Nicolás Maduro, pobalóir agus deachtóir, i gcomharbacht ar Hugo Chávez in 2013.

Tá cuntas ar coup 2002 le fáil sa chlár faisnéise Éireannach, The Revolution Will Not Be Televised (2003) le Donnacha Ó Briain, a léiríonn an comhordú a rinne na meáin, codanna den arm agus na héilítigh chun cumhacht a ghoid go mídhleathach ó Chávez.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "February 1992 Venezuelan coup attempt" (as en) (2026-01-06). Wikipedia.
  2. "November 1992 Venezuelan coup attempt" (as en) (2026-01-08). Wikipedia.
  3. Kerron Ó Luain (2026-01-09). "Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-01-10.
  4. "Crude Oil Prices (1946-2026)". www.macrotrends.net. Dáta rochtana: 2026-01-10.
  5. Bureau of Public Affairs Department Of State. The Office of Electronic Information. "Venezuela's Uncertain Future: Challenges for U.S. Policy" (en). 2001-2009.state.gov. Dáta rochtana: 2026-01-11.
  6. "The Revolution Will Not Be Televised (film)" (as en) (2026-01-03). Wikipedia.