Jump to content

Cothromas príobháideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceanncheathrú an chiste cothromais phríobháidigh KKR

Is modh infheistíochta caipitil é cothromas príobháideach ina n-úsáideann infheisteoir nó ciste infheistíochta caipiteal chun scaireanna cuideachta neamhliostaithe a cheannach.

Is éard atá i gceist le cothromas príobháideach, leis an bhfírinne lom a rá, méadú ar chaipiteal cuideachta trí infheistíocht ó chuideachta eile atá speisialtóireacht acu san infheistíocht.[1]Is ‘príobháideach’ é cothromas príobháideach toisc go gcuirtear ar fáil é do chuideachtaí nach bhfuil cláraithe ar stocmhalartán.[2]cothromas príobháideach difriúil ó chothromas poiblí, a thagraíonn d'urrúis atá liostáil go poiblí ar mhargadh[3].

Toisc go dtarlaíonn idirbhearta cothromais phríobháidigh ar mhargaí thar an gcuntar seachas ar stocmhalartáin, is lú na hoibleagáidí rialála agus na rialacháin a bhaineann le cothromas príobháideach. Ar an gcúis chéanna, tá sé níos deacra leachtacht a fháil. Chun an ghné sin a chúiteamh, díríonn cothromas príobháideach ar fheidhmíocht fhadtéarmach atá níos fearr ná feidhmíocht mhargaí airgeadais.

Is cistí infheistíochta iad na cuideachtaí a sholáthraíonn an caipiteal, ar a dtugtar 'cuideachtaí sealbhaíochta' nó 'cuideachtaí infheistíochta' freisin. Bíonn siad ag bainistiú punainne airgeadais, eadhon bailiúchán scaireanna i gcuideachtaí[4]. Is é an cuspóir atá acu cuideachta nó scair de chuideachta a cheannach, go minic le fiachas, d’fhonn an scair a athdhíol cúpla bliain ina dhiaidh sin tar éis an iasacht a aisíoc leis an ioncam a ghineann an chuideachta.

  1. Barneto, Pascal (2021-11-17). "DSCG 2 Finance - Manuel" (in fr) (Dunod ed.). ISBN 978-2-10-082577-6. Dáta rochtana: 2022-09-29.
  2. Olivier Coispeau (2013). "Dictionnaire de la bourse, 7e édition" (in fr) (Séfi ed.): 693. ISBN 978-2-89509-141-7.
  3. Cherif, Mondher (2005-07-15). "Création de valeur et capital-investissement: Collection Synthex" (in fr) (Pearson ed.). ISBN 978-2-7440-7080-8. Dáta rochtana: 2022-09-30.
  4. Castaing, Sébastien (2021-05-26). "DCG 5 Economie contemporaine - Manuel - 2e éd.: Réforme Expertise comptable" (in fr) (Dunod ed.). ISBN 978-2-10-083040-4. Dáta rochtana: 2022-09-29.