Coscaire músclóra plaisminigin – 1

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próitéin is ea an coscaire músclóra plaisminigin–1 nó (CMP-1), ar a dtugtar freisin coscaire músclóra plaisminigin intéiliaigh Serpin E1, a mbíonn ionchódaithe leis an ghéin SERPINE1. Tá leibhéal ardaithe de CMP-1 ina toisc riosca le trombóis agus aitéiriscléaróis [1]

Is éard is CMP-1 ann, coscaire próitéáise séirín (serpin) a fheidhmíonn mar phríomh-choscaire an mhúsclóra plaisminigin fíochán (MPf) agus na plaisminigin úraicionáise (MPú), músclóirí na plaisminigine, agus dá bharr sin fibrinealú (an próiseas a tharlaíonn taobh istigh den chomhlacht chun trombas (téachtáin fola) a bhriseadh síos). Is coscaire próitéáise séirín (serpin) é (SERPINE1).

Tálann an phlacaint an CMP eile, an coscaire músclóra plaisminigin-2 (CMP-2) agus níl sé i láthair ach i méideanna suntasacha le linn toirchis. Ina theannta sin, gníomhaíonn an próitéas nexin mar cosaire MPf agus úraicionáis. Is é CMP-1, áfach, príomh-choscóir na n-gníomhachtóirí plaisminigin.

Géineolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í géin CMP-1 ná SERPINE1, atá suite ar chrómasóim 7 (7q21.3-q22). Tá polamorfacht choiteann ar a dtugtar 4G / 5G i réigiún an thionscnóra. Tá an ailléil 5G beagán níos lú gníomhach ó thaobh tras-scríofa de ná an 4G.

Feidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coscaire mhúsclóra plaisminigin úraicionáise (MPú) is ea príomhfheidhm CMP-1, einsím atá freagrach as scaoileadh plaisminigine chun plaismin a dhéanamh.

Ról i ngalar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscíodh diaitéis fuilreatha (claonadh chun fuiliú) mar thoradh ar uireasa CMP-1 ó bhroinn; toisc nach gcuirtear fibrinealú faoi chois go leordhóthanach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "PAI-1 and atherothrombosis" (August 2005). Journal of Thrombosis and Haemostasis 3 (8): 1879–83. doi:10.1111/j.1538-7836.2005.01420.x. PMID 16102055. 

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]