Cosc ar na meáin shóisialta don aos óg in Éirinn

D'fhógair Rialtas na hÉireann i mí Feabhra 2026 go dtabharfar isteach reachtaíocht a chuirfeas srian leis an bhfáil atá ag daoine óga ar na meáin shóisialta. Sábháilteacht ar líne a dhaingniú is bun leis na dlíthe nua, a dúirt an Rialtas, agus is ar dhaoine óga faoi shé bliana déag go háirithe atá siad dírithe.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na meáin shóisialta fite fuaite i saol an duine óig sna 2020idí. Cé go bhfuil contúirtí ag baint leo,[1] tá buanna móra leo freisin.[2]
Bhí an scéal i mbéal an phobail le linn 2025/2026 nuair a tháinig sé chun solais go raibh daoine ag baint feidhm as Grok, aip intleachta saorga leis an meán sóisialta X, chun íomhánna graosta a chruthú de dhaoine.
Ní rud nua é go mbeadh teorainn aoise curtha ar tháirgí éagsúla (deochanna alcólacha mar shampla agus clubanna oíche). Ba í an Astráil an chéad tír ar domhain a raibh cosc dá leithéid curtha acu ar na meáin shóisialta.
Srianta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an gcéad dul síos, tabharfar isteach scéim phíolótach in Éirinn lena bhfuil beartaithe a phromhadh agus déanfar leasuithe de réir na dtorthaí.
I bhfianaise an dul chun cinn as cuimse i gcúrsaí teicneolaíochta, intleacht shaorga go háirithe, ní greanta i gcloch a bheas na dlíthe nua agus déanfar athbhreithniú go rialta orthu le cos a choinneáil le hathruithe ábhartha.
Mar sin féin, tá rabhaidh ann go gcaithfear straitéis a chur i bhfeidhm le stáit eile an AE chun a sheachaint go gcuirfidh na cúirteanna deireadh leis. Tá Rialtas na hÉireann ag abhcóideacht ar son cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ag obair le ballstáit an Aontais Eorpaigh chun roghanna a iniúchadh. Ach mhaígh an Rialtas go ngníomhóidh sé go náisiúnta más gá.[3]
Tá 'Straitéis Dhigiteach agus Intleacht Shaorga' nua á plé ag airí an Rialtais. Cuirfidh an plean seo béim láidir ar shábháilteacht ar líne.
Cáineadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go ndéarfá ar an gcéad radharc gur dóigh gur mhaith an rud é dá laghdófaí an tarraingt atá ag daoine ar na meáin shóisialta, an bhfuil sé ag dul thar fóir cosc iomláin a chur ar dhaoine óga úsáid a bhaint astu?[2] Dar leis an eagraíocht Cearta Digiteacha Éireann, ní féidir fadhb chasta na meán sóisialta a fhuascailt le réiteach simplíoch, agus nach leor na srianta atáthar a mholadh. Mhaígh cathaoirleach na heagraíochta TJ McIntyre gur ag seachaint na faidhbe atá an Rialtas, go hairithe an earnáil meán sóisialta go ginearálta a rialáil go héifeachtach. Tá imní air gur beart gan dealramh gan toradh a bheas sa reachtaíocht nua.[4]

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Acht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh
- Coimisiún na Meán
- Cibearbhulaíocht
- Sábháilteacht ar líne san Astráil / Online Safety Amendment, Acht 2025, cosc ar na meáin shóisialta don aos óg
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ·An tAcht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022[5]
- hotline.ie Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine[6] agus bhileog "Keeping Safe Online Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine"
- Insafe / Líonra Eorpach um Shábhailteacht Idirlín[7] (European Internet Safety Network)
- Oifig um Shábháilteacht Idirlín (Office for Internet Safety). Chun sábháilteacht ar an idirlíon a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le pornagrafaíocht leanaí a chomhrac[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ mar a léirigh taighde a tháinig amach in 2025 agus cláir ar nós Adolescence a tharraing cuid mhaith cainte
- 1 2 Bridget Bhreathnach (11 Nollaig 2025). "An Eilf ar an tSeilf ar ais ag diabhlaíocht, cosc ar na meáin shóisialta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (21 Feabhra 2026). "Nuacht Mhall (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-02-21.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-02-18). "Na meáin shóisialta agus daoine óga: srianta le tabhairt isteach" (as ga-IE).
- ↑ gov.ie (2020-06-12). "Sábháilteacht ar Líne" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.
- ↑ hotline.ie. ""Keeping Safe Online" (bileog)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-15. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Insafe" (as en) (2023-08-03). Wikipedia.
- ↑ Na Gardaí Síochána (2019-02-28). "Cybercrime" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-02-06.