Cornfhoiche Áiseach
| Vespa velutina | |
|---|---|
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Arthropoda |
| Aicme | Hexapoda |
| Ord | Hymenoptera |
| Fine | Vespidae |
| Géineas | Vespa |
| Speiceas | Vespa velutina Lepeletier, 1836 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is speiceas de chuid na bhfoichí í an chornfhoiche Áiseach (Vespa velutina)[1] san fhine Vespodae atá dúchasach d'Oirdheisceart na hÁise.[2]



Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Beathaíonn an fhoiche seo, cosúil le foiche eile dá ghéineas, ar fheithidí (beacha, seangáin, féileacáin, aifidí, srl.) agus inveirteabraigh eile. D'fhorbair an beach Apis cerana, atá dúchasach don réigiún céanna leis an speiceas seo, meicníochtaí cosanta i gcoinne an chreachadóra seo, nach bhfuil i speicis chreiche eile. Ar an mórgóir, ní ionsaíonn cornfhoichí Áiseacha daoine ach amháin má ghriogtar chun feirge iad.
Bíonn roinnt máithreacha aba i gcuasnóg cornfhoichí Áiseacha agus scaipeann siad san fhómhar lena gcuasnóga féin a fhothú.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 2025, d'aimsigh saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra cuasnóg cornfhoichí Áiseacha i gcathair Chorcaí. Rinneach anailís mhóilíneach ar an gcuasnóg in Ard-Mhúsaem na hÉireann chun fáil amach cá as go baileach ar tháinig na coirnfhoichí.[3]
Dá lonnódh cornfhoichí Áiseacha in Éirinn, d'fhéadfaidís scrios a dhéanamh ar fheithidí dúchasacha na tíre, lena n-áirítear beacha meala, beacha gabhair, beacha aonair, bumbóga, féileacáin agus mar sin siar. Maraíonn siad na hinveirteabraigh sin lena larbhaí féin a bheathú leo. Bhunaigh an tseirbhís fiadhúlra tascfhórsa chun dul i ngleic le cásanna mar é san am le teacht, más gá.[3]