Corn Ryder 2025
| ||||
| Cineál | séasúr spóirt | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 26 - 28 Meán Fómhair 2025 | |||
| Uimhir eagrán | 45 | |||
| Suíomh | Bethpage Black Course, New York (en) | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Spórt | galf | |||
| Buaiteoir | ||||
Reáchtáladh Corn Ryder 2025 i mBethpage State Park, Nua Eabhrac ar an 26–28 Meán Fómhair 2025. Ba é Shane Lowry a chinntigh go mbeadh an corn ag fanacht san Eoraip. Scór ag deireadh na himeartha: An Eoraip 15 vs Na Stáit Aontaithe 13, agus an bua ag an Eoraip.[1]
Tháinig Trump agus lucht Trump go dtí an comórtas ar 26 Lúnasa.[2][3] Ghríosaigh sé foireann USA agus ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun feirge. Thosaigh a ghariníon Kai Trump ag díol léinte aclaíochta, $130 gach ceann acu, agus déanta sa tSín.[4]
Caitheadh maslaí go flúirseach agus go hoscailte le linn Chorn Ryder 2025, maslaí pearsanta faoi chaidrimh phósta na ngalfairí Eorpacha, maslaí faoina gcuma, faoina gcumas imeartha agus neart eile. Bhí na maslaí agus na mionnaí móra seo le cluinstin ar an chraoladh teilifíse, agus ó lucht leannta Mheiriceá a bhí siad ag teacht don mhórchuid.[5] [6]





Lá a hAon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad Jon Rahm agus Tyrell Hatton a sheas an fód don Eoraip sa chéad ghrúpa, agus iad ag imirt in éadan Bryson DeChambeau agus Justin Thomas. Dúirt DeChambeau roimh thús na himeartha go raibh sé ag dul a dhéanamh iarrachta an chéad phlásóg a bhaint amach in aon bhuille amháin, agus ba bheag gur éirigh leis sin a dhéanamh. Agus ansin chuaigh buille Rahm ar strae ar dheis. In ainneoin Rahm agus Hatton a bheith ag imirt go holc ar fad, tháinig siad ar ais le bheith buille amháin chun tosaigh ag an tiontú. Bhrúigh siad ar aghaidh sa dara naoú agus sa deireadh, chaill Justin Thomas amas éasca ar an 15ú agus bhain Rahm agus Hatton a ceathair agus a trí.
Bhí cuma ar an fhear mhór Texas nach raibh sé compordach i ról an cheannaire, agus chaill sé féin agus Russell Henley a cúig agus a trí in éadan Aberg agus Matt Fitzpatrick. D’imir Fitzpatrick ar leibhéal nár bhain sé amach le tamall. Bhí ag éirí go maith leis ó bhí an Comórtas Oscailte ann, agus léirigh sé ar an chéad mhaidin an fáth ar piocadh é.
Cuireadh Harris English agus Collin Morikawa le chéile, agus bhí an bheirt acu ag imirt in éadan an phéire is láidre de chuid na hEorpa. Ghlac McIlroy agus Fleetwood seilbh ar an chluiche go luath agus níor ghéill siad é. Sa deireadh, bhain siad le hamas gleoite ó Fleetwood ar an 14ú.
Throid Viktor Hovland agus Robert MacIntyre ar ais le bheith cothrom le Xander Schauffele agus Patrick Cantlay. D’éirigh leis na Meiriceánaigh an 17ú a bhaint agus nuair a chuaigh tiomáint Hovland ar dheis ar an pholl dheireanach, thug siad an bua leo le deireadh a chur leis an mhaidin agus an scór 3-1 i bhfabhar na hEorpa.
Níor imir Tiger go maith sna comórtais seo, cé go raibh sé ar an imreoir ab fhearr ar domhan ag an am.
Bhí cúpla splanc dhóchais ann do Mheiriceá ar lá a haon. Fuair Rasmus Hojgaard intreoir chrua do Chorn Ryder. Bhí sé féin agus Ludvig ag imirt le chéile agus in éadan Cam Young agus Justin Thomas. Bhain Cam Young an scór is fearr amach ar an chúrsa seo blianta ó shin. Is as Nua-Eabhrac dó agus le gliceas Thomas ní raibh dóigh ar bith go raibh siad ag dul a chailleadh. Pointe eile do na Stáit!
D’éirigh le McIlroy agus Lowry dul dhá bhuille chun tosaigh. Ach léirigh Cantlay – agus Burns lena cheart a thabhairt dó – a gcrógacht agus d’éirigh leo leathphointe a fháil. Sin ráite, bhí seans ag McIlroy agus Lowry an babhta a bhaint ar an phlásóg dheireanach ach ní raibh siad ábalta na hamais a aimsiú. Tharla cúpla eachtra idir iad féin agus an slua, rudaí a chuir go mór leis an "atmaisféar".
Scór ag deireadh na himeartha ar Lá a hAon: An Eoraip 5½ vs SAM 2½.[7]
Lá a Dó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair DeChambeau agus Young an ceann is fearr ar Aberg agus Fitzpatrick ar maidin.
Bhuaigh Tommy Fleetwood agus Rory McIlroy Collin Morikawa agus Harris English.
Bhain an Albanach MacIntyre agus Hovland ar an pholl dheireanach le seisiúin na maidine a thabhairt don Eoraip arís, agus fágadh Scottie Scheffler gan phointe go fóill.
Sa tráthnóna, ba iad McIlroy agus Lowry a bhí amuigh ar dtús don Eoraip. Agus i rith an lae ar fad chualathas drochíde agus drochfhocail ón tslua i dtreo na nÉireannach. Ó scairteacha faoi phósadh McIlroy go dtí meáchan Lowry, níor stop na sluaite an lá ar fad.
Tháinig sé ó na hoifigigh fiú. Bhí ar bhean an tí ag an tús leithscéal a ghabháil agus seasamh siar ón ról i ndiaidh di tús a chur le scairt de ‘F**k you Rory’ agus ag impí ar an tslua scairteadh léi.
Sheas na buachaillí an fód agus thug siad a sáith ar ais daofa. Sheas McIlroy siar ó bhuille ag pointe amháin agus scairt sé ar dhuine. Bhí ar ghiolla Shane é a choinneáil siar, agus phioc Lowry duine as an tslua le caitheamh amach ón chúrsa.
Níos moille sa bhabhta, thiontaigh Lowry agus thug sé é ar ais do dhuine sa tslua, agus d’éirigh leis amas d’iolair a fháil. Sheas fear Uíbh Fhailí suas an chuid eile den lá, agus rolláil sé an t-amas cinniúnach isteach leis an bhua a fháil don Eoraip.
Cuireadh péire mór de chuid Mheiriceá amach le chéile, Scheffler agus DeChambeau, in éadan Tommy Fleetwood agus Justin Rose. Ach arís, throid Fleetwood agus an tseanfhondúir sin Rose leo agus bhain siad pointe luachmhar in éadan an réaltphéire. Arís, babhta eile lán conspóide le troid idir Rose agus giolla DeChambeaú ar an 15ú. Sheas sé isteach ar líne Rose nuair a bhí sé ag tomhas amais, agus chuaigh an troid ar aghaidh go dtí an chéad tíbhosca eile, agus sheas cúpla duine eile isteach le deireadh a chur leis.
Cuireadh JJ Spaun le Xander Schauffele in éadan fhir mhóra na hEorpa Jon Rahm agus Sepp Straka, agus in ainneoin cúpla amas den scoth ó fhear na hOstaire, bhain na Meiriceánaigh ar an pholl dheireanach chun an t-aon phointe amháin ó chluichí an tráthnóna a fháil dá bhfoireann.
Gortaíodh Viktor Hovland agus é ag ceiliúradh bhua na maidine, agus mar sin tháinig Tyrell Hatton isteach ina háit le himirt le Matt Fitzpatrick, in éadan Sam Burns agus Patrick Cantlay. Ach ba chuma do phéire na hEorpa agus d’éirigh leo bearna de sheacht bpointe a oscailt sa chluiche deiridh.
Scór ag deireadh na himeartha ar Lá a Dó: An Eoraip 11½ vs SAM 4½.[7]
Lá a Trí
[cuir in eagar | athraigh foinse]‘Ní breac é go mbíonn sé ar an phort’ a deir an seanfhocal, agus is cinnte gur fhoghlaim an Eoraip an ceacht sin Dé Domhnaigh.
I dtús báire, bhí ar Viktor Hovland tarraingt amach ón imirt ar fad. Mar sin cuireadh riail aisteach i bhfeidhm. Go bunúsach, roimh thús an chomórtais cuireann an dá chaptaen ainm amháin an fhoireann i gclúdach. Agus má tharlaíonn sé go ngortaítear imreoir agus nach féidir leis imirt, ní imríonn an t-imreoir eile agus faigheann an dá fhoireann leathphointe.
Gortaíodh Hovland agus mar sin níor imir Harris English, agus thosaigh na scóir ag 12 don Eoraip agus 5 do SAM.
Ach a leithéid de chath. Tá sé soiléir go n-imríonn na Meiriceánaigh i bhfad níos fearr nuair atá siad ag imirt leofa féin agus ní mar chuid de phéire. Bhain siad seisear de na cluichí, agus bhí cúigear acu roinnte.
Níor bhain ach Ludvig Aberg ó fhoireann na hEorpa, ach ar thús na himeartha bhí an chuma ar chúrsaí go mbrúfadh an Eoraip ar aghaidh le bua níos mó ná mar a bhí riamh. Bhí siad chun tosaigh i seisear de na cluichí. Ach de réir a chéile throid na Meiriceánaigh ar ais. Pointe i ndiaidh pointe.
Tháinig an t-amhras isteach don Eoraip. Bhí an chuma ar McIlroy go raibh sé scriosta agus go raibh a chuid fuinnimh uilig caite i ndiaidh a lae roimhe. Fuair Scheffler an ceann is fearr air ar an pholl dheireanach.
Ní raibh Fleetwood ná Rose ábalta an leathphointe a aimsiú fiú. Throid DeChambeau ar ais le leathphointe a ghoid ó Matt Fitzpatrick. Bhí clár an scóir chor a bheith go hiomlán dearg. Ach sheas Aberg an fód, agus bhain sé pointe ar an 16ú. Chiallaigh sé sin gur leagadh an t-ualach ar Lowry le stop a chur leis an tonn dhearg agus leathphointe a fháil ar an pholl dheireanach. Ba é an fear seo a rolláil isteach an t-amas deireanach ar an 18ú plásóg dheireanach leis an bhua a chinntiú don Eoraip (thiocfadh na leathphointí eile ó Tyrell Hatton agus Bob MacIntyre ní ba mhoille). Bhí an focal scoir do Shane Lowry as Clóirtheach.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aodhán Ó Baoill (2025-09-30). "Laochas, crógacht, misneach... agus fir na hÉireann i lár báire" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-09-30.
- ↑ Scríobh sé, as n 26 MF: "As we prepare to celebrate 250 glorious years of American independence, the Ryder Cup also reminds us of our special relationship with the United Kingdom and our shared cultural heritage with the continent of Europe. The sportsmanship and good-hearted competition that will be on display throughout this weekend serve as a shining example to the world that our countries stand united in the common causes of freedom, excellence, and the pursuit of greatness."
- ↑ The White House (2025-09-26). "Presidential Message on the 45th Ryder Cup" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Chavie Lieber (2025-10-01). "Meet the 18-Year-Old Trump Scion Selling Sweatshirts From the White House Lawn" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Áine Ní Bhreisleáin (2025-10-01). "Áine Ní Bhreisleáin: Is léiriú na maslaí gránna ag Corn Ryder de shaol atá ag dul in olcas" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-11-02.
- ↑ Áine Ní Bhreisleáin / https://archive.today/20251102113801/https://www.independent.ie/seachtain/aine-ni-bhreisleain-is-leiriu-na-maslai-granna-ag-corn-ryder-de-shaol-ata-ag-dul-in-olcas/a300604112.html.+"Is léiriú na maslaí gránna ag Corn Ryder de shaol atá ag dul in olcas". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-11-02. Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Aodhán Ó Baoill (2025-09-30). "Laochas, crógacht, misneach... agus fir na hÉireann i lár báire" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-09-30.
