Corn FIFA an Domhain 2026 - Grúpa Cáilithe F de chuid UEFA
| Cineál | qualification event (en) | ||
|---|---|---|---|
| Cuid de | 2026 FIFA World Cup qualification (UEFA) (en) | ||
| Dáta na bliana | 2026 | ||
| Eagraí | FIFA | ||
| Spórt | sacar | ||
Reáchtáladh Grúpa Cáilithe F de chuid UEFA, Corn FIFA an Domhain 2026 idir Meán Fómhair - Samhain 2025. Bhí Poblacht na hÉireann, An Phortaingéil, An Ungáir, agus an Airméin sa ghrúpa.
Bhí dóchas ann nuair a ceapadh Stephen Kenny in 2020 go bhféadfadh Éire dul chun cinn a dhéanamh ach cé go raibh cúpla bréagmhaidneachan ann, in olcas a chuaigh cúrsaí i ndáiríre agus tubaiste cheart ann mí Mheán Fómhair 2025 nuair a chaill an fhoireann faoi cheannas Heimir Hallgrímsson thall san Airméin. Chaith cuid mhaith daoine a hataí leis an bhfoireann agus leis an mbainisteoir ina dhiaidh sin ach ní raibh siad i bhfad á bpiocadh suas arís nuair a bhuaigh Éire ar an bPortaingéil agus go háirithe i ndiaidh an bhua i gcoinne na hUngáire i mBúdaipeist.[1]
Chríochnaigh An Phortaingéil ar bharr an ghrúpa, agus Poblacht na hÉireann sa dara háit. Chuaigh Éire isteach sna babhtaí réitigh de chuid UEFA[2] agus bhí deis acu fós cáiliú do Chorn FIFA an Domhain 2026 i Meiriceá. Ach d'fhág bua na Seicia ar Éirinn ar an 25 Márta 2026 nach raibh foireann Heimir Hallgrímsson páirteach i gCorn an Domhain 2026.


An Ghrúpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Áit | Foireann | Im | B | Co | C | CF | CG | CD | Pntí | Cáiliú |
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| 1 | 6 | 4 | 1 | 1 | 20 | 7 | +13 | 13 | Cáilithe go dtí Corn an Domhain 2026 | |
| 2 | 6 | 3 | 1 | 2 | 9 | 7 | +2 | 10 | Cáilithe go dtí na babhtaí réitigh | |
| 3 | 6 | 2 | 2 | 2 | 11 | 10 | +1 | 8 | ||
| 4 | 6 | 1 | 0 | 5 | 3 | 19 | −16 | 1 |
Cluichí
[cuir in eagar | athraigh foinse]6 Meán Fómhair 2025
Éire v An Ungáir san Aviva; Chríochnaigh Éire agus An Ungáir ar comhscór 2-2
9 Meán Fómhair 2025
Tharla tubaiste san Airméin, cailliúint 2-1, ach bhí an taispeántas níos measa fós.[3] Rinne imreoirí na hÉireann beag is fiú den Airméin i Yerevan. Ach ba cheart go mbeadh bearna níos mó idir na foirne ná an 2-1 a bhí ar chlár na scór nuair a chríochnaigh an cluiche.[4][5]
11 Deireadh Fómhair 2025
An Phortaingéil v Éire
Bhí an taispeántas i bhfad níos fearr ná mar a bhí go leor daoine ag tuar.
14 Deireadh Fómhair 2025
Éire v An Airméin; Bua 1-0 ag foireann Heimir Hallgrímsson san Aviva.
Fuair fir na hUngáire bua pointe amháin in éadan na Portaingéile nuair a fuair fear Liverpool Dominik Szoboszlai cúl cinniúnach in am breise.
13 Samhain 2025
Sa tríú háit i nGrúpa F a bhí Éire roimh an chluiche le ceithre phointe ó cheithre chluiche ; ag an mbarr a bhí an Phortaingéil, deich bpointe acu agus gan aon chluiche caillte acu.[6] [7] Bhí go leor daoine den tuairim ag na am go raibh rás na hÉireann rite.[8] Ach fuair Éire an ceann is fearr ar an Phortaingéil 2-0 san Aviva (an cúigiú foireann is fearr ar domhan ag an am de réir rangú FIFA). Fuair Troy Parrott dhá chúl agus laoch na himeartha.[9] Fuair Cristiano Ronaldo cárta mar gur bhuail sé imreoir Éireannach le huillinn agus cuireadh é den pháirc.
13 Samhain 2025
Fuair fir na hUngáire bua in éadan na hAirméine as baile.[8]
16 Samhain 2025
Fuair foireann Heimir Hallgrímsson an ceann is fearr ar an Ungáir, 3-2, i gcluiche i mBúdaipeist.[10] Faoi dhó bhí Éire chun deiridh. Fuair Troy Parrott trí chúl. Ba cheann de mhórghaiscí stair an spóirt in Éirinn é ag foireann ar beag duine a bhí ag tabhairt aon seans dóibh teacht slán óna ngrúpa.[11]
Shroich Éire na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain 2026. Bhí áit bainte amach acu sna cluichí cáilithe. Ach d'fhág bua na Seicia ar Éirinn ar an 25 Márta 2026 nach raibh foireann Heimir Hallgrímsson páirteach i gCorn an Domhain 2026. Bhí an lucht tacaíochta go hiomlán taobh thiar den fhoireann agus den bhainisteoir, mar a léirigh na sluaite a chuaigh sall go Prág agus an lucht féachana ollmhór a bhí ag an gcluiche – suas le 1.6 milliún ar RTÉ2. Den chéad uair le fada, tá cúis dóchais ag an lucht tacaíochta arís agus iad bródúil as an bhfoireann.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Pádraic Ó Ciardha (27 Márta 2026). "Oíche bhrónach i bPrág, gaisce stairiúil gan tábhacht, easpa roghanna agus fanacht fada roimh an gcéad chluiche mór eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-28.
- ↑ "2026 FIFA World Cup qualification – UEFA second round" (as en) (2025-11-16). Wikipedia.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (11 Deireadh Fómhair 2025). "AN PHORTAINGÉIL V ÉIRE: Taispeántas maith níos tábhachtaí ná toradh maith d’fhoireann na hÉireann sa Liospóin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (14 Meán Fómhair 2025). "Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (14 Deireadh Fómhair 2025). "Céim chun cinn tógtha ag na hÉireannaigh, ach bua ag teastáil go géar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ Sa 62ú háit ar domhan a bhí Éire ag an am, 57 áit níos ísle ná an Phortaingéil, an cúigiú foireann is fearr ar domhan de réir rangú FIFA in 2025
- ↑ "Aisling na hÉireann beo ar éigean agus Ronaldo agus a chairde i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-13). Dáta rochtana: 2025-11-16.
- 1 2 Darren Ó Dubhgáin (16 Samhain 2025). "Uair na cinniúna do na hÉireannaigh agus bua de dhíth i mBúdaipeist" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ RnaG (2025-11-15). "Daragh Ó Conchúir - Iriseoir Spóirt." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ "Troy Parrott ár laoch arís: Tóg dealbh de!" (ga-IE) (2025-11-16). Dáta rochtana: 2025-11-16.
- ↑ "Éire sna flaithis bheaga agus iad seolta chuig na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag trí chúl Parrott" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-16). Dáta rochtana: 2025-11-16.