Corn FIFA an Domhain 2026
| ||||
| Cineál | séasúr spóirt | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 9 Meitheamh - 19 Iúil 2026 | |||
| Dáta na bliana | 2026 | |||
| Uimhir eagrán | 23 | |||
| Suíomh | Arrowhead Stadium, Missouri (en) AT&T Stadium, Texas BC Place, British Columbia (en) BMO Field, Ontario Estadio Akron, Meicsiceo (en) Estadio Azteca, Meicsiceo Estadio Monterrey, Meicsiceo Gillette Stadium, Massachusetts Hard Rock Stadium, Florida Levi's Stadium, California (en) Lincoln Financial Field, Pennsylvania Lumen Field, Washington (en) Mercedes-Benz Stadium, Georgia MetLife Stadium, New Jersey (en) NRG Stadium, Texas Staid SoFi, California | |||
| Tír | Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada | |||
| Eagraí | FIFA | |||
| Líon na rannpháirtithe | 48 | |||
| Rannpháirtí | ||||
| Spórt | sacar | |||
| Codanna | ||||
| Suíomh gréasáin | united2026.com | |||
Reáchtálfar Corn FIFA an Domhain 2026 i Meiriceá, Ceanada agus Meicsiceo, le cluichí i 11 chathair sna Stáit Aontaithe, trí chathair i Meicsiceo agus dhá chathair i gCeanada[1]. Fógraíodh an cinneadh ar an 13 Meitheamh 2018 i Moscó.[2] Is é seo an dara huair a mbeidh Corn an Domhain á reáchtáil ag níos mó ná tír amháin.[3]
Rogha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh na conspóide a bhain leis na cinntí Corn an Domhain a bhronnadh ar an Rúis agus ar Chatar, den chéad uair tugadh le fios in 2018 go poiblí cén chaoi ar vótáil gach toscaire.
Ní raibh ach Maracó a bhí san iomaíocht le Meiriceá, Ceanada agus Meicsiceo. Ba iad tíortha Mheiriceá Thuaidh rogha na n-údar roimh an vóta. Bhí 23 staid tógtha nó á dtógáil cheana féin acu (14 staid a bhí fós le tógáil nó le hathchóiriú i Maracó). Bhí bua ollmhór ag iarratas na dtíortha ó Mheiriceá Thuaidh nuair a comhaireadh na vótaí. Caitheadh níos mó ná a dhá oiread vótaí ar son iarratas Mheiriceá Thuaidh, 134 i gcoinne 65.[2]
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go ndéanfaidh an comórtas i Meiriceá Thuaidh brabús $11 billiún do FIFA (breis agus sé bhilliún dollar níos ná iarratas Mharacó in 2018, $5.7 billiún). Tháinig méadú ollmhór ar chostas na dticéad don chomórtas chun an brabús sin a dhéanamh. Bhí meánphraghas $431 (€367) ar thicéad, ardú ollmhór ar chostas na dticéad ó Chorn an Domhain 2018 agus comórtas 2014. Agus tháinig méadú ollmhór ar líon na bhfoirne a bhí san iomaíocht in 2026; ghlac 48 foireann páirt sa chomórtas.[2]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir a rá nach mbaineann spórt le polaitíocht ach baineann polaitíocht le FIFA. Bhain Trump úsáid as an gcomórtas chun é féin a chur chun cinn, in 2018 nuair a roghnaíodh an Meiriceá Thuaidh, agus arís in 2025-2026. Thit scáth an teannais idirnáisiúnta ar ullmhúcháin Chorn Domhanda FIFA de réir mar a bhí amhras ag dul i méid faoi rannpháirtíocht na Rúise agus na hIaráine sa chomórtas, In 2022 bhí drogall ar FIFA aon chinneadh a ghlacadh, ach faoi dheireadh bhí orthu an Rúis a chur amach as Corn an Domhain.[4]
Bhí an Iaráin ar cheann de na tíortha sin a cháiligh don chomórtas trí Chónaidhm Shacair na hÁise a bhí le himirt i nGrúpa G i Los Angeles agus Seattle. Dúirt Aire Spóirt na hIaráine, Ahmad Donyamali, i mí Mhárta 2026 nach raibh an tír ag glacadh páirt sa Chorn, ag rá “Cuireadh dhá chogadh orainn laistigh d’ocht nó naoi mí, agus maraíodh na mílte dár muintir. Mar sin, níl aon fhéidearthacht ann go nglacfaidh muid páirt sa chomórtas". Dúirt Uachtarán FIFA, Gianni Infantino gur thug Trump, dearbhú dó go mbeidh fáilte roimh fhoireann na hIaráine páirt a ghlacadh sa chomórtas. Mar is gnáth dó, chuir Infantino béim ar ról an spóirt mar uirlis a thugann daoine le chéile. “Teastaíonn ócáid mar Chorn an Domhain níos mó ná riamh anois chun daoine a thabhairt le chéile,” a dúirt sé, ag cur leis an mana atá in úsáid ag FIFA le fada, go n-aontaíonn an sacar an domhan.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Cóilín Duffy (2026-03-13). "Éiginnteacht faoi rannpháirtíocht na hIaráine i gCorn Domhanda 2026 de réir mar a mhéadaíonn teannas idirnáisiúnta" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-28.
- 1 2 3 Pádraic Ó Ciardha (13 Meitheamh 2018). "Corn an Domhain ag filleadh ar Mheiriceá Thuaidh in 2026" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-28.
- ↑ Reáchtáladh comórtas 2002 sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas.
- ↑ Gráinne McElwain (2022-03-03). "Is fearr go mall ná go brách ag ceannairí Fifa i dtaca leis an Úcráin" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2026-03-28.
