Jump to content

Cormac Ó Cadhlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCormac Ó Cadhlaigh
Beathaisnéis
Breith26 Aibreán 1884
Bás1 Nollaig 1960
76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Múinteoir agus scríbhneoir Gaeilge ba ea Cormac Ó Cadhlaigh (1884 - 1960).[1]

Rugadh Ó Cadhlaigh i gCionn tSáile, Contae Chorcaí ar an 26ú Aibreán 1884. I dteannta le Tomás Mac Donnchadha agus Pádraig Ó Cinnéide, bhunaigh sé Cumann na Meánmhúinteoirí sa bhliain 1909. Bhain sé céimeanna BA agus MA amach sna blianta 1912 agus 1913 faoi seach. Phós sé Esther Nic Cormaic sa bhliain 1913; bhí triúr iníonacha agus mac amháin acu. D'fhoilsigh sé a lán leabhar, san áireamh Slighe an eólais (1923) agus Diarmuid mac Cearbhaill (1950). Bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge agus a lán ábhar eile, i scoileanna éagsúla, ina measc Coláiste Sheosaimh (Béal Átha na Slua) agus Coláiste Cholmáin (Fear Manach). Bhí sé fosta ina chúntóir agus leabharlannaí. Ceapadh é ina Ollamh le NuaGhaeilge i gColáiste Ollscoile, BÁC i mí Iúil 1932. Chuaigh sé ar scor sa bhliain 1954 agus d'éag sé ar an gcéad lá de mhí na Nollag 1960.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Ó CADHLAIGH, Cormac". ainm.ie. Dáta rochtana: 06-04-2026.