Corónagraf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corónagraf

Is é is corónagraf ann ná ionstraim optúil chun urú saorga a tháirgeadh taobh istigh de theileascóp. Ní mhaireann fíoruruithe ach cúpla nóiméad, agus tarlaíonn an chuid is mó díobh i bhfad ó réadlann ar bith. Le corónagraf is féidir staidéar a dhéanamh ar chisil sheachtracha atmaisféar na Gréine gan fanúint ar an gcéad urú eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Corónagraf". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 173.