Jump to content

Contaetha na hEastóine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Counties of Estonia after the 2017 Administrative Reform

Is iad fo-ranna riaracháin na tíre iad contaetha na hEastóine (maakond). Tá cúig chontae déag ann san Eastóin, lena n-áirítear trí cinn déag ar an mórthír agus dhá cheann ar oileáin. Faightear bardais laistigh desna contaetha agus tá dhá chineál ann: bardais uirbeacha nó bailte (linn), agus bardais tuaithe nó paróistí (vald). Tá ceangal dlí orthu oibriú le chéile chun a gcontae a fhorbairt.

Cuireadh deireadh le rialtas contae (maavalitsus) le linn na bliana 2017. Roinneadh a gcuid freagrachtaí idir údaráis stáit agus áitiúla. San lá atá inniu ann, níl dlínse neamhspleách ar leith ag na contaetha.

Gintear an liosta see ó shonraí i Wikidata, agus anois agus arís nuashonraíonn Listeriabot é.
Bainfear eagarthóieachtí laistigh den liosta seo: cuir an mhír in eagar ar Wikidata!

# Armas Contae Príomhchathair Achar Daonra
1
Harjumaa Taillinn 4326.7 646315
2
Hiiumaa Kärdla 1032.44 8418
3
Virumaa Thoir Jõhvi 2971.55 133358
4
Järvamaa Paide 2674.14 30072
5
Jõgevamaa Jõgeva 2544.86 27739
6
Läänemaa Haapsalu 1815.57 20625
7
Virumaa Thiar Rakvere 3695.72 59608
8
Pärnumaa Pärnu 5418.73 87418
9
Põlvamaa Põlva 1823.34 24036
10
Raplamaa Rapla 2765.06 34038
11
Saaremaa Kuressaare 2937.64 32021
12
Tartumaa Tartu 3349.3 162390
13
Valgamaa Valga 1917.09 27924
14
Viljandimaa Viljandi 3420.04 45637
15
Võrumaa Võru 2773.14 34049
End of auto-generated list.
Contaetha neamhspleácha réamh-Chríostaí san Eastóin, c. 1200

Le linn na luath-aoiseanna AD, bhí ranna polaitiúla agus polaitiúla ag forbairt san Eastóin. Tháinig dhá mhór-roinn chun cinn: an paróiste (kihelkond) agus an contae (maakond). Bhí ann sna paróistí roinnt sa sráidbhaile agus de ghnáth dún amháin ar a laghad faoi riail seanóir an pharóiste. Bhí an dá chontae roinnte paróistí, faoi riail seanóir freisin.

Faoin 13ú haois, bhí cheana ar an bhfód na mórchontaetha mar a leanas: Saaremaa, Läänemaa, Harjumaa, Rävala, Virumaa (Vironia), Järvamaa, Sakala agus Ugandi.[1] I dteannta sin, bhí i lár na tíre roinnt seanóireachtaí ina raibh baol níos lú cogaidh iontu – Vaiga, Mõhu, Nurmekund agus Alempois. Ní fios go cruinn nó líon nó mhéad na seanóireachta.

Tháinig féinrialtas na contaetha réamh-Chríostaí chun deiridh le linn na gcrosád Liovónach. Faoi lár na 13ú haoise, bhí críche na tíre roinnte idir Ríocht na Danmhairge agus an Impireacht Naofa Rómhánach (go cruinn, Stát an Oird Teotanaigh, Easpagóideacht Dorpat agus Easpagóideacht Ösel-Wiek).

Sna 1580í, i ndiaidh Livonian war agus teacht chun cinn na Sualainne i dtuaisceart an réigiún, cruthaíodh Harju, Järva, Lääne agus Viru. Bhí deisceart na Gearmáine i seilbh na Polainne idir na blianta 1582–1625, agus tribes an réigiún seo ina vóvóid Pärnu agus Tartu. Bhí oileán Saaremaa i seilbh na Danmhairge go dtí 1645. Deiridh na críche uile úd ina gcontaetha nuair a tháinig an tSualainn i seilbh orthu i ndeireadh na dála.

Níor athraíodh an córas riaracháin seo ach beagáinín nuair a géilleadh an Eastóin d'Impireacht na Rúise de thoradh Chogadh Mór an Tuaiscirt (1700-1721). Sa bhliain 1793, cruthaíodh Võrumaa nua as deisceart Tartumaa, Viljandimaa idir Tartumaa agus Pärnumaa, agus Paldiskimaa in iarthar Harjumaa. Sa bhliain 1796, áfach, cuireadh Paldiskimaa ar ais arís le Harjumaa. Go dtí 1888, ní raibh Võrumaa agus Viljandimaa go iomlán neamhspleách ó Tartumaa agus Pärnumaa, faoi seach.

Rinneadh roinnt athraithe ar theorainneacha na gcontaetha tar éis neamhspleáchas an Eastóine sa bhliain. Mar shampla, cruthaíodh Valgamaa as codanna de Võrumaa, Tartumaa agus Viljandimaa, and fuaradh Petserimaa ón Rúis le conradh síochána Tartu.

Le linn forghabháil Sóivéadach 1944-1991 na hEastóine, rinneadh líon mór athruithe ar theorainneacha riaracháin. Géilleadh an chuid is mó de Petserimaa ar ais chuig an Rúis sa bhliain 1945 (ach amháin san iarthar). Scaradh óna chéile Hiiumaa ó Läänemaa sa bhliain 1946, Jõgevamaa ó Tartumaa sa bhliain 1949, agus Jõhvimaa (Virumaa Thoir inniu) ó Virumaa sa bhliain 1949. Cuireadh deireadh glan ar contaetha sa bhliain 1950 agus rinneadh Soviet Estonia ina raioni. Scaradh Põlvamaa agus Raplamaa óna chéile, agus abhainn bhí 15 raion ann.

Bunaíodh na contaetha arís ar an 1d Eanáir 1990 ar theorainn na raioni Sóivéadacha. Baintear úsáid fós as na teorannacha stairiúla fós, ámh, sa réimse eitneolaíochta chun éagsúlachtaí cultúrtha agus teangan a phlé.

Cuireadh deireadh le rialtas contae (maavalitsus) le linn na bliana 2017. Roinneadh a gcuid freagrachtaí idir údaráis stáit agus áitiúla. San lá atá inniu ann, níl dlínse neamhspleách ar leith ag na contaetha.

  1. Estonia and the Estonians (Studies of Nationalities), Toivo U. Raun, lch. 11 ISBN 0-8179-2852-9