Contae Wayne, Carolina Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teach Cúirte Chontae Wayne mar a bhí sé sa bhliain 1948
Suíomh Contae Wayne

Is contae Meiriceánach é Contae Wayne atá suite i stát Carolina Thuaidh. Sa bhliain 2010, bhí daonra 122,623 duine ann. Tá 557 míle cearnacha d'achar ann. Is é Goldsboro príomhbhaile an chontae.

Thosaigh daoine de shliocht Eorpach ag teacht isteach sa limistéir beagán ar bheagán sna 1730idí, agus thosaigh líon suntasach díobh ag cur fúthu ann sna 1750idí. Bunaíodh an contae ar 2 Samhain 1779. Ainmníodh é in onóir "Mad Anthony" Wayne, duine de cheannairí an Chogaidh Mheiriceánaigh ar son na saoirse. Tá duine as triúr sa chontae den chine ghorm, ach ní raibh cead vótála ag mórán díobh go dtí na 1960idí. Bíonn an bua ag na Poblachtaigh sa chontae de ghnáth, ach tá a móramh ag laghdú de réir a chéile le himeacht ama.