Conradh na Gaeilge, Beirlín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh na Gaeilge, Beirlín


Is é Conradh na Gaeilge Bheirlín an chéad chraobh Ghearmánach den eagraíocht Conradh na Gaeilge. Cuireadh ar bun é sa bhliain 2011.

Béar agus cláirseach atá mar lógó don chraobh i mBeirlín. Is é an béar samhail chathair Bheirlín agus is é an cláirseach samhail na hÉireann.

Coiste na Craoibhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coiste 2016-7:

  • Robert Henneberg - Cathaoirleach
  • Kilian McDonagh - Rúnaí & Cisteoir
  • Maeve Killen - Oifigeach Caidrimh Poiblí
  • Pádhraic Ó Dochartaigh - Oifigeach Tacaíochta do Fhoghlaim na Gaeilge

Stair na Craoibhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Conradh na Gaeilge Bheirlín ar bun i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2011 nuair a bhog Eoin Mc Evoy, mac léinn le Gaeilge agus Gearmáinis de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath go Beirlín dá bhliain Erasmus. Ar theacht i dtír sa Ghearmáin dó, bhuail Mc Evoy le hArne Peters, léachtóir le Béarla agus cainteoir líofa Gaeilge in Ollscoil Potsdam, agus le Sarah Mc Grath, an Chéad Rúnaí in Ambasáid na hÉireann sa Ghearmáin, agus socraíodh go mbeadh teacht le chéile ann gach re seachtain do lucht labhartha agus lucht foghlama na Gaeilge sa chathair.

Roghnaíodh Café Orange, Oranienburger Str. 32, 10117 Beirlín, mar áit chruinnithe agus bhí seacht gcruinniú ag an gcraobh sular seoladh an chraobh go hoifigiúil.

Bhí 22 duine i láthair ag seoladh oifigiúil na craoibhe in Ambasáid na hÉireann i mBeirlín[1], ina measc siúd Eoin Mc Evoy (Cathaoirleach, 2011-2012), Arne Peters (Cathaoirleach, 2012-2013) agus Sarah McGrath (Chéad Rúnaí, Ambasáid na hÉireann sa Ghearmáin 2011-2013).

Fás agus Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug baill chraobh Bheirlín cuairt ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2016 agus d'fhreastail siad ar Ard-Fheis an Chonartha, áit ar bhuail siad le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn.[2]

Tá nasc láidir idir Conradh na Gaeilge Bheirlín agus Berlin GAA, cumann a chuir Christopher Hennessy as Lios Tuathail, Ciarraí ar bun sa bhliain 2014.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mc Evoy, E. (2011). Agallamh ar an gclár Fada is Fairsing. Raidió na Life. Ar fáil ag: https://soundcloud.com/rnl/eoin-mcevoy-conradh-na-gaeilge
  2. McDonagh, K. (2016). 'Ich bin ein Gaeilgeoir: Irish is part of my life in Germany' Irish Times, 8 Márta. Ar fáil ag: http://www.irishtimes.com/life-and-style/abroad/generation-emigration/ich-bin-ein-gaeilgeoir-irish-is-part-of-my-life-in-germany-1.2564683