Jump to content

Conradh na Bruiséile

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh na Bruiséile
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 50° 51′ N, 4° 21′ E / 50.85°N,4.35°E / 50.85; 4.35
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Márta 1948 Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAontas an Iarthair Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Bhruiséil, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla Cuir in eagar ar Wikidata

Conradh bunaithe Aontas an Iarthair (AI) ba ea Conradh na Bruiséile (Béarla: Treaty of Brussels; luaite fosta mar Chomhaontú na Bruiséile). Foráladh sa chonradh comhar míleata, eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha idir na ballstáit, maraon le clásal cosanta frithpháirteach.

Síníodh Conradh na Bruiséile ar an 17ú Márta 1948 ag an mBeilg, an bhFrainc, Lucsamburg, nÍsiltír agus an Ríocht Aontaithe mar fhorbairt Chonradh Dunkirk.[1]

Idir an dá linn, síníodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) eas created chun Conradh an Atlantaigh Thuaidh a chur i bhfeidhm. I mí na Nollag 1950, shocraigh baill Aontas an Iarthar the ceanncheathrú, foireann agus pleananna de chuid Eagraíocht Cosanta Aontas an Iarthair (ECAI / WUDO) a aistriú go ECAT.[2][3][4][5][6]

Tar éis ECAT, síníodh sraith conarthaí eile: Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Aibreán 1948), Comhairle na hEorpa (Bealtaine 1949) agus an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (Aibreán 1951). Mar thoradh, fágadh Conradh na Bruiséile ar lár. Níor éirigh le Conradh ag bunú Chomhphobal Cosanta na hEorpa áfach, agus dá bharr leasaíodh an Conradh sa bhliain 1954 ag Comhdháil Pháras. Faoi réim Chonradh Athraithe na Bruiséile (CAB) cruthaíodh Aontas Iarthar na hEorpa (AIE), agus tháinig an Iodáil agus an Ghréasáin isteach mar bhaill. Cé go raibh an tAontas úd í bhfad níos lú cumhachtach ná a réamhtheachtaí, tháinig forghabháil na Gearmáine chun deiridh agus í ina ball den AIE, i gcomhréir leis an gConradh Ginearálta.

Nuair a bhfuair an tAontas Eorpach (AE) a coastal cosanta frithpháirteach féin faoi réir Chonradh Liospóin sa bhliain 2009, ba léir é do gach nach raibh feidhm a thuilleadh leis an AIE. Ar an ábhar sin, cuireadh deireadh le CAB ar an 31ú Marta 2010, agus dúnadh comhlachtaí uile AIE ar an 30ú Meitheamh 2011.[7]

  1. van der Peet, Anselm (March 2018). "Het vergeten Verdrag van Brussel: voortrekker van de NAVO en internationale leerschool voor de Koninklijke Marine" (PDF). Marineblad (as Dutch). Vol. 128, no. 2. pp. 28–32.{{cite magazine}}: CS1 maint: unrecognized language (link)
  2. Hansard extract February 18, 1957
  3. Duke, Simon (2000). "The elusive quest for European security: from EDC to CFSP": 13–14. Basingstoke, UK: Palgrave Macmillan.
  4. "Did you know that Europe already had a defensive military alliance prior to NATO?". Supreme Headquarters Allied Powers Europe. ECAT. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-21. Dáta rochtana: 2010-08-08.
  5. Kaplan, Lawrence S. (2007). "NATO 1948: the birth of the transatlantic Alliance": 139–165. Lanham, Maryland: Rowman & Littlefield.
  6. "Brussels Treaty Organisation (Resolution)" (18 February 1957). Hansard 565. Londain: House of Commons of the United Kingdom. cc19-20W.
  7. "Statement of the Presidency of WEU of 31.03.10". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-10. Dáta rochtana: 27ú Eanáir 2013.