Jump to content

Conradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Truailliú plaisteach sna haigéin de réir meáchain, 2014[1]

Bhí cainteanna comhshaoil ar siúl, eagraithe ag na Náisiúin Aontaithe, sa Ghinéiv i mí Iúil 2025. Ghlac 180 páirt ann agus an sprioc a bhí acu teacht ar chonradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach.[2] Theip orthu.

Ar an 5 Lúnasa 2025, bhuail na tíortha domhanda le chéile ag comhdháil na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv, ag cur tús le seisiún a bhí ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.[3] Bhí 600 eagraíocht neamhrialtasach páirteach san idirbheartaíocht freisin. D'aontaigh beagnach gach páirtí i láthair gur contúirt mhór ár linne é truailliú plaisteach.[4]

Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa 21ú haois.[1]

Thosaigh an idirbheartaíocht in 2022. Tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú Ach ní raibh an conradh réitithe - cuireadh moill uirthi mar gheall ar thíortha a bhraitheann ar ola.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Marcus Eriksen, et al (10 Noll 2014). "Plastic Pollution in the World's Oceans: More than 5 Trillion Plastic Pieces Weighing over 250,000 Tons Afloat at Sea" (as en). PLOS ONE 9 (12): e111913. doi:10.1371/journal.pone.0111913. ISSN 1932-6203. PMID 25494041. PMC:4262196. 
  2. i mBéarla, global plastic pollution treaty
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (9 Lúnasa 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-08-10.
  4. Domhnall Mac Concharraige (2025-08-08). "Idirbheartaíocht ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe chun troid i gcoinne truailliú plaisteach – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-10.