Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
| Cineál | conarthaí an Aontais Eorpaigh | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 2007 | ||
| Baint le limistéar údaráis | an tAontas Eorpach | ||
| Codanna | |||
Article 77 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) Article 67 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) Article 26 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) article 83 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) Article 80 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) Article 82 du traité sur le fonctionnement de l'Union européenne (fr) | |||
| Saothar iomlán ar fáil ag URL | eur-lex.europa.eu… | ||
Is ar cheann de dhá chonradh é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)[1] a thugann bunús bunreachta don Aontas Eorpach (AE), agus é an ceann eile ná an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE).[2]
Tháinig an Conradh ar an saol le Conradh na Róimhe, a bhunaigh an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), agus é sin an comhphobail is mó le rá de chuid na gComhphobal Eorpach (CE). Síníodh é ar an 25ú Márta 1957 ag na Sé Laistigh, .i. an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ghearmáin Thiar, agus tháinig i bhfeidhm ar an 1d Eanáir 1958.
Idir an dá linn, athraíodh a ainm faoi dhó. Baineadh an focal "Eacnamaíocht" ó theideal Chonradh na Róimhe ag Conradh Maastricht sa bhliain 1992. Tar éis do Bhunreacht Eorpach a theip sa bhliain 2005, athraíodh ainm an chonartha arís chuig a fhoirm reatha ag Conradh Liospóin (sínithe ar an 13ú Nollaig 2007, i bhfeidhm sa bhliain 2009). I dteannta sin, rinneadh na trí cholún a chumaisc san Aontas Eorpach leasaithe.[3]
I mí Márta 2011, glac An Chomhairle Eorpach cinneadh chun Airteagal 136 an Chonartha a leasú chun sásra cobhsaíochta a chur i bhfeidhm i limistéar an euro.[4]
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seacht gCuid ann sa leagan comhdhlúite den CFAE.[5]
- Prionsabail
- Neamh-idirdhealú agus saoránacht an aontais
- Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an aontais
- Tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú
- Gníomhaíocht sheachtrach an aontais
- Forálacha institiúideacha agus airgeadais
- Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh". IATE. Dáta rochtana: 2025*11-08.
- ↑ Nugent, Nigel (2017). "The Government and Politics of the European Union". Red Globe Press.
- ↑ "Presidency Conclusions Brussels European Council 21/22 June 2007". Comhairle an Aontais Eorpaigh (23ú Meitheamh 2007).
- ↑ De Witte, Bruno (2011). "The European Treaty Amendment for the Creation of a Financial Stability Mechanism". European Policy Analysis 2011 (6). Swedish Institute for European Policy Studies (SIEPS). Curtha i gcartlann 2022-05-18 ar an Wayback Machine
- ↑ "Leagan Comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.