Conradh Nice (2003)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conradh Nice)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Nice
Cineáltreaty of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Feabhra 2001 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Feabhra 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNice, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata


Is conradh Eorpach é Conradh Nice. Shínigh ballstáit an Aontais Eorpaigh é i Nice na Fraince ar an 26 Feabhra 2001. Tháinig Conradh Nice i bhfeidhm ar 1 Feabhra 2003 (téacs as Gaeilge).

Ba é an cuspóir a bhí ann ná na hinstitiúidí a leasú ionas go bhféadfadh an AE feidhmiú go héifeachtúil tar éis líon 25 bhalltír a shroicheadh. Ba iad na príomhathruithe a tháinig i bhfeidhm ná na modhanna chun comhdhéanamh an Choimisiúin a athrú agus chun an córas vótála sa Chomhairle a athchóiriú.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 7-9 Nollaig 2000, tionóladh Comhairle Eorpach i Nice na Fraince.[2] Deimhníodh an Chomhairle gur mhaith léi go scaipfí Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chomh-fhógair Comhairle an AE, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, chomh forleathan agus is féidir i measc shaoránaigh an Aontais.

Jacques Chirac agus Gerhard Schroeder i mbun ag an am (2003)

Cuireann an Chomhairle fáilte roimh bhrostú na caibidlíochta aontachais leis na tíortha is iarrthóirí agus gabh sí buíochas as na hiarrachtaí a bhí déanta ag na tíortha sin chun an bealach a fhágáil le haghaidh ghlacadh agus cur chun feidhme praiticiúil an acquis; chuir sí fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh chun an straitéis réamhaontachais le haghaidh na Tuirce a chur chun feidhme.

Shínigh Brian Cowen nó Brian Ó Comhain an Conradh

Lena chois sin, phlé an Chomhairle beartas slándála agus cosanta na hEorpa, agus formheasann sí Clár Oibre Sóisialta na hEorpa, nuálaíocht agus eolas san Eoraip, comhordú idir bheartais eacnamaíocha, sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, sábháilteacht mhuirí, an comhshaol, seirbhísí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne, slándáil soláthairtí de tháirgí áirithe, saoirse, slándáil agus ceartas, cultúr, na réigiúin forimeallacha agus caidreamh seachtrach. Tugadh an Chomhdháil Idir-rialtasach chun críche le comhaontú polaitiúil ar Chonradh Nice.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Deireadh Fómhair 2002, vótáladh muintir na hÉireann i bhfabhar Chonradh Nice. Ghlac muintir na hÉireann le Conradh Nice agus iad ag vótáil don dara huair.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. europa.eu/ (2016-07-05). "Conarthaí an Aontais" (ga). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2020-10-19.
  2. Aontas Eorpach (2016-06-16). "Stair an Aontais Eorpaigh - 2000" (ga). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2020-12-09.
  3. "Twenty-sixth Amendment of the Constitution of Ireland" (as en) (2020-05-04). Wikipedia. 
  4. eur-lex.europa.eu (2001). "CONRADH NICE AG LEASÚ AN CHONARTHA AR AN AONTAS EORPACH, NA gCONARTHA˝ AG BUNÚ NA gCOMHPHOBAL EORPACH AGUS IONSTRAIM˝ GAOLMHARA `IRITHE". Dáta rochtana: 2020.