Jump to content

Conradh Núicléach New START

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Núicléach New START
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 50° 05′ 15″ N, 14° 25′ 17″ E / 50.0875°N,14.4214°E / 50.0875; 14.4214
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse5 Feabhra 2011 - 5 Feabhra 2021
Dáta na bliana8 Aibreán 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm5 Feabhra 2011 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPrág, An tSeicia Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sínitheoir
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla agus an Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar iomlán ar fáil ag URL2009-2017.state.gov… Cuir in eagar ar Wikidata

Is in 2010 a shínigh Uachtarán Mheiriceá Barack Obama agus Uachtarán na Rúise Dmitri Medvedev an Conradh Núicléach New START.[1] B'é seo an conradh deireanach um rialú arm núicléach idir an dá mhór-chumhacht.[2]

Físeán, 26 Márta 2010
síniú, Barack Obama agus Dmitry Medvedev, 2010
Físeán, 18 Samhain 2010

Shínigh an tUachtarán Reagan agus ceannaire na Sóivéide Gorbachev an chéad chonradh START (START I) in 1991. Ach de bharr leathadh na Sóivéide, níor tháinig sé i bhfeidhm go dtí 1994. Ba é an toradh gur baineadh 80% de na hairm núicléacha straitéiseacha ar domhan faoi 2001.[3]

Chuaigh START I in éag ar an 5 Nollaig 2009.

Tháinig New START i bhfeidhm ar an 5 Feabhra 2011, agus bhí seacht mbliana ag an dá thír (go dtí 5 Feabhra 2018) chun na teorainneacha a bhaint amach. Ag an am bhí an dá thír ag iarraidh a gcaidreamh a chur ar ais ar bhonn síochánta.[2]

Na Teorainneacha:

Chuir an conradh teorainn 1,550 arm núicléach a d'fhéadfadh a bheith imlonnaithe ag gach ceann den dá thír.

700 feithicil - diúracáin bhailistíochta idir-roinneach (DBIR)[4] agus diúracáin a sceiteadh ó fhomhuireáin agus buamadóirí

800 teilgeoir - teilgeoirí imlonnaithe agus neamh-imlonnaithe d'ICBManna agus SLBManna

Ar an 21 Feabhra 2023, d'fhógair Vladimir Putin le linn a Óráid chuig an Tionól Cónaidhme go raibh an Rúis ag cur a rannpháirtíocht sa Chonradh New START ar fionraí. Tharla fógra Putin díreach tar éis cuairt gan choinne an Uachtaráin Biden ar Kyiv an lá roimhe sin. Cé gur chuir an Rúis a rannpháirtíocht ar fionraí, ní dhearna sí tarraingt siar ón gconradh go hiomlán.

Dúirt Putin: "Tá ár gcaidreamh tar éis dul in olcas, agus is iad na Stáit Aontaithe atá go hiomlán ciontach leis sin." "Má dhéanann na Stáit Aontaithe tástálacha, déanfaimid-ne iad freisin. Níor cheart go mbeadh smaoineamh ag duine ar bith gur féidir an chomhionannas straitéiseach domhanda a scrios." Dúirt Putin chomh maith nach gceadódh an Rúis do na Stáit Aontaithe agus do NATO cigireachtaí a dhéanamh ar a saoráidí núicléacha.

Ar an 31 Eanáir 2023, d'fhógair Roinn Stáit na Stát Aontaithe go raibh an Rúis ag sárú New START.

Tá an conradh ar tí dul in éag ag tús Feabhra 2026. Ciallaíonn sé sin:

  • Nach mbeidh aon teorainn leis an líon arm núicléach ag ceachtar tír
  • Go mbeidh rás na n-arm ar ais arís[5]

I Meán Fómhair 2024, mhol Vladimir Putin go gcoinneofaí teorainneacha an chonartha ar feadh bliana eile tar éis dó dul in éag, le ham a cheannach le haghaidh idirbheartaíochta ar chonradh nua. Níor thug rialtas Trump aon fhreagairt oifigiúil ar an moladh seo.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Strategic Arms Reduction Treaty
  2. 2.0 2.1 2.2 Eoin Ó Murchú (2025-10-17). "Conradh Núicléach New START ar tí dul in éag" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-26.
  3. "START I" (as en) (2025-09-26). Wikipedia. 
  4. i mBéarla, ICBM nó InterContinental Ballistic Missiles
  5. "Arms race" (as en) (2025-08-09). Wikipedia.