Conradh Náisiúnta na Liobáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Náisiúnta na Liobáine
Map
Cineálconstitutional convention (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1943 - 
Baint le limistéar údaráisan Liobáin Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard atá i gceist le Conradh Náisiúnta na Liobáine ná conradh neamhscríofa a dhéanann gnó an bhunreachta sa Liobáin. Seo a deir an Conradh, thar aon rud eile:

  • Tá na Críostaithe Maróiníteacha sásta glacadh leis gur tír Arabach í an Liobáin, agus nach lorgann siad cabhair ó chumhachtaí iasachta.
  • Is Críostaí Maróiníteach é Uachtarán na Liobáine.
  • Is Críostaithe Gréagacha Ortadocsacha iad an Leas-Cheann Comhairle agus an Leas-Phríomh-Aire.
  • Is Críostaí Maróiníteach é Ceann Foirne Ginearálta na bhFórsaí Armtha.
  • Is Drúsach é Ard-Cheannasaí na bhFórsaí Armtha.
  • Is é coibhneas na bhFeisirí Críostaí agus Moslamacha i bParlaimint na Liobáine ná seisear in aghaidh an chúigir.

An conradh síochána a síneadh in Tá'if, an Araib Shádach, sa bhliain 1989, le deireadh a chur le cogadh cathartha na Liobáine, bhain sé cuid de na cumhachtaí den Uachtarán Chríostaí agus d'athraigh sé an coibhneas go 1:1.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]