Conradh Euratom
| ||||
| Cineál | conarthaí an Aontais Eorpaigh | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 25 Márta 1957 | |||
| Teacht i bhfeidhm | 1 Eanáir 1958 | |||
| Suíomh | an Róimh, An Iodáil | |||
| Taisce | Rialtas na hIodáile | |||
| Teanga an tsaothair nó an ainm | teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | |||
Chuir Conradh Euratom (go hoifigiúil an Conradh ag bunú Comhphobail Eorpaigh um Fhuinneamh Adamhach[1][2]) an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach ar bun. Síníodh é ar an 25ú Márta 1957 in éineacht le Conradh na Róimhe (a chur Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) ar bun) agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1d Eanáir 1958.
Níl clú ard ag Conradh Euratom de bharr phrófíl íseal na heagraíochta a bhunaigh sé. Diaidh ar ndiaidh, tiontaigh an CEE ar an Aontas Eorpach, ach tá Euratom fós mar a bhí sa bhliain 1957. Bhí a Coimisiún agus a Chomhairle féin aige, ach cuireadh iad seo le forais an CEE mar thoradh an Chonradh Cumaisc sa bhliain 1967.
Níl Euratom chun cinn sa lá atá inniu ann de bharr íogaireachta maidir le fuinneamh núicléach i dtuairimí an phobail Eorpaigh. Níor cuireadh é san áireamh nuair a bhí bunreacht Eorpach á moladh, cé gur theip ar an iarracht mar sin féin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Doiciméid maidir le Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ar EUR-Lex
- Forbhreathnú croineolaíoch na gConarthaí ar EUR-Lex
- Doiciméid maidir le idirbheartaíochtaí maidir le Conradh na Róimhe ag Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh i bhFlórans
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Detailpagina Verdragenbank, Verdrag tot oprichting van de Europese Gemeenschap voor Atoomenergie (EURATOM)". Aireacht Gnóthaí Eachtracha (an Ísiltír). Dáta rochtana: 21ú Lúnasa 2011.
- ↑ "Leagan Comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach". EUR-Lex. Dáta rochtana: 9ú Deireadh Fómhair 2025.
