Jump to content

Conradh Cumaisc

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Cumaisc
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata Map
 50° 50′ 48″ N, 4° 21′ 09″ E / 50.8467°N,4.3525°E / 50.8467; 4.3525
Cineálconarthaí an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Aibreán 1965 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Iúil 1967 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Bhruiséil, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceRialtas na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chonradh Eorpach é Conradh Cumaisc; go hoifigiúil an Conradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha;[1] aitheanta fosta mar Chonradh na Bruiséile,[2] a chomhaontaigh forais an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), an Chomhphobail Eorpaigh um Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), iad le chéile aitheanta mar na Comhphobail Eorpacha. Síníodh an conradh sa Bhruiséil ar an 8ú Aibreán 1965 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1d Iúil 1967.

Bhí sé mar aidhm ag an Chonradh go dtaga Coimisiún na gComhphobal Eorpach in ionad Ard-Údarás an CEGC agus na Coimisiúin CEE agus Euratom; agus go dtaga Comhairle na gComhphobal Eorpach in ionad Comhairle Speisialta Airí an CEGC na Comhairlí CEE agus Euratom.[3]

D'ainneoin go raibh comhfhorais acu, bhí gach Comhphobal fís neamhspleách de réir dlí. Go deimhin, roimhe seo, bhí parlaimint agus cúirt bhreithiúnais roinnte eatarthu.

Meastar gurb é an Conradh seo a chuir tús leis an Aontas Eorpach mar atá ann faoi láthair. Leasaíodh é ag an Ionstraim Eorpach Aonair (1986), ach i ndeireadh na dála, aisghaireadh an Conradh féin ag Conradh Amstardam, a síníodh sa bhliain 1997, agus a tháining i bhfeidhm 1d Bealtaine 1999.[4]