Jump to content

Conradh Breda (1650)

(Athsheolta ó Conradh Breda)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Breda
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 35′ 20″ N, 4° 46′ 33″ E / 51.5889°N,4.7758°E / 51.5889; 4.7758
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1650 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBreda, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Síníodh Conradh Breda (1650) ar an 1ú Bealtaine 1650 idir Séarlas II, rí Shasana, Albain agus Éirinn ar deoraíocht agus Rialtas Chúnantóra na hAlban. Faoina théarmaí, d'aontaigh siad Séarlas II a hinsealbhú mar Rí Shasana chomh maith le hAlbain, agus thug Séarlas faoi fhoirm Phreispitéireach a bhunú d'Eaglais Shasana, agus cearta Eaglais na hAlban a ráthú.

Roimhe sin, i nDara Cogadh Cathartha Shasana sa bhliain 1648, bhí na hAlbanaigh i gcomhghuaillíocht le Ríogaithe Sasanacha chun Séarlas I a thabhairt ar ais don ríchathaoir. I ndiaidh a mbuailte, cuireadh Séarlas chun báis i mí Eanáir 1649, rud a d'fhág gur bunaíodh Comhlathas Shasana . Ar chúiseanna éagsúla, rinne na hAlbanaigh agóid i gcoinne a fhorghníomhaithe, agus ba é Conradh Breda ba chúis leis an gCogadh Angla-Albanach (1650–1652). An uair seo, nuair a buadh ar na hAlbanaigh ioncorpraíodh Albain isteach sa Chomhlathas.

Cé go bhfuair Albain neamhspleáchas arís tar éis na hAthghairme sa bhliain 1660, d'fhág a thaithí ar an gcomhghuaillíocht gur fhan Séarlas II naimhdeach i gcoinne an Phreispitéireachais ar feadh a réime, agus d'athbhunaigh sé easpaig ar Eaglais na hAlban sa bhliain 1662. [1]

Tar éis dóibh bua a bhuachan i gCogaí na nEaspag 1639 agus 1640, dheimhnigh na Cúnantóirí a smacht ar Albain, agus bhunaigh siad Eaglais Phreispitéireach na hAlban, nó "kirk ". Ina dhiaidh sin, ba é an príomhchuspóir polaitiúil a bhí acu an t-éacht sin a chaomhnú, agus bealach amháin chun é sin a dhéanamh ná tacaíocht a thabhairt dá gcomhghuaillithe Sasanachat chun Eaglais Shasana a chruthú a bheadh ailínithe go dlúth leo. D'éiligh sé sin go mbuailfí na Ríogaithe sa Chéad Chogadh Cathartha Sasanach, agus an cinneadh sin ba chúis leis an Conradh agus Cúnant Sollúnta 1643. Faoina téarmaí, d'aontaigh Parlaimint Shasana kirk Preispitéireach a chaomhnú ("preserve") agus Eaglais Shasana a athchóiriú ( "reform") de réir dea-chleachtais ("best practice"), mar chúiteamh ar thacaíocht mhíleata na hAlban.[2]

Mar sin féin, bhí tacaíocht theoranta ag an gcomhshocrú i Sasana, go háirithe ó Neamhspleáigh reiligiúnacha cosúil le Oliver Cromwell, a chuir i gcoinne reiligiún stáit ar bith, go háirithe ceann a bhí thar a bheith rialaithe, amhail an kirk.[3] Le hionadaíocht mhaith ach go díréireach san New Model Army, faoi 1646 bhreathnaigh na hAlbanaigh agus a gcomhghuaillithe Sasanacha orthu mar dhream a bhí níos contúirtí ná a gcéilí comhraic Ríogacha. I mBealtaine 1646, rinne Séarlas I iarracht leas a bhaint as na deighiltí seo trí ghéilleadh do na hAlbanaigh ag Newark-on-Trent, ag súil go dtabharfaidís téarmaí níos fearr dó ná lucht an Pharlaimint.[4]

Mar gheall ar a dhiúltú tiontú ina Phreispitéireach, tháinig sáinn pholaitiúil idir Séarlas agus na hAlbanaigh, thug na hAlbanaigh é ar láimh chun na Parlaiminte sa bhliain 1647 mar mhalairt ar £ 400,000. thug don Pharlaimint é i 1647 mar mhalairt ar £400,000.Ba é ba chúis lena dhiúltú tiontú ar an bPreispitéireachas ná stalemate idir Séarlas agus na hAlbanaigh, a thug chun na Parlaiminte é sa bhliain 1647 mar chúteamh ar £400,000.

Fágadh as an áireamh iad, áfach, ón gcaibidlíocht a rinne Parlaimint buaiteach Shasana agus faoi 1647, bhí siad in éadóchas a gcuid spriocanna polaitiúla a bhaint amach – Preispitéireachas a bhunú sna Trí Ríocht agus údarás sibhialta Parlaimint na hAlban agus Comhthionól Ginearálta na hAlban ''Kirk'' (An Eaglais Phreispitéireach) a bhaint amach. Chuir Parlaimint bhuaiteach Shasana as an áireamh iad, áfach, agus faoin mbliain 1647, theastaigh uathu a spriocanna polaitiúla a bhaint amach – bunú an Phreispitéireachais sna Trí Ríocht agus údarás sibhialta Pharlaimint na hAlban agus Chomhthionól Ginearálta Kirk na hAlban (Eaglais Phreispitéireach) a dhearbhú. Bhí amhras orthu fiú go n-ionghabhfaidís Albain agus go gcuirfidís a shocraíoch reiligiúnach "Neamhspleách" féin i bhfeidhm. Ar an ábhar sin, shínigh baicle amháin de na Cúnantóirí, na Rannpháirtithe (the Engagers), socrú rúnda le Séarlas I ar a dtugtar an "Rannpháirtíocht "("Engagement"). Mar sin féin, bhí siad cloíte in iarracht ar ionradh ar Shasana agus fiú bhí siad ag tabhairt buillí dá chéile le Cúnantóirí eile a bhí ag iarraidh déileáil níos neamhbhailbhe leis an Rí.


  1. Davies & Hardacre 1962.
  2. Royle 2006, pp. 215–216.
  3. Hutton 2021, p. 136.
  4. Royle 2006, p. 457.