Jump to content

Conradh Aontachais 2003

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Aontachais 2003
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 37° 59′ 03″ N, 23° 43′ 41″ E / 37.9842°N,23.7281°E / 37.9842; 23.7281
CineálConradh i dtaobh Aontachais leis an AE Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana16 Aibreán 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Bealtaine 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Aithin, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Teanga an tsaothair nó an ainmteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, an Ghréigis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Ghearmáinis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Ungáiris, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Chróitis, an tSeicis agus an tSualainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Aibreán 2003 Síniú Cuir in eagar ar Wikidata

Comhaontú idir an Aontas Eorpach (AE cúig bhall déag), agus deich dtír (an Chipir , an tSeicia , an Eastóin , an Ungáir , an Laitvia , an Liotuáin , Málta , an Pholainn , an tSlóvaic , an tSlóivéin ) is ea Conradh Aontachais 2003 agus na tíortha úd ag éirí ina mball den aontas. Síníodh é ar an 16ú Aibreán 2003 san Aithin agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1d Bealtaine 2004. Rinne an Conradh leasaithe ar chonarthaí na gComhphobal Eorpach a tháining roimhe, agus dá réir, is cuid lárnach é de bhunús bunreachtúil an Aontais Eorpaigh (AE).[1] Ag an am gcéanna, rinneadh roinnt leasuithe ar Chonradh Nice.

Conradh Aontachais 2003
Stoa Attalou ársa atógtha, áit a síníodh an Conradh

Thar na blianta, conradh ar chonradh, forbraíodh bunreacht an AE le líon mór téarmaí agus coinníollacha. Is iad a leanas na príomh conarthaí leasaithe ag an gConradh Aontachais 2003:[2]

Feictear na hathruithe ar na conarthaí úd i gcuid a dó, airteagail 11-19 den chonradh aontachais.

Vótáil thromlaigh cáilithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

The most notable change concerns how Qualified Majority Voting is handled in the Comhairle an Aontais Eorpaigh. As 1d Samhain 2004 ar aghaidh, caithfear Tromlach Cáilithe na slata tomhais a leanas a shásamh:

  • tromlach desna ballstáit;
  • a sheasann de 62% den daonra an AE;
  • 232 as 321 votaí (72.3%) tá ar a laghad.

Teideal iomlán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo a leanas an teideal iomlán oifigiúil den Chonradh:

Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hÉireann, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit ann Aontais Eorpach) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leaganacha comhdhlúite (2006):

  1. "EUR-Lex - OJ:L:2003:236:TOC". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2022-03-21.
  2. "Treaty of Accession", europarl.europa.eu (as Béarla), aisghafa 2024-10-06