Conradh Aontachais 1994
| ||||
| Cineál | Conradh i dtaobh Aontachais leis an AE | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 1994 | |||
| Suíomh | An Bhruiséil, An Bheilg | |||
| Baint le limistéar údaráis | an tAontas Eorpach | |||
| Sínitheoir | ||||
| Teanga an tsaothair nó an ainm | teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | |||
| Suíomh gréasáin | eur-lex.europa.eu… | |||
Comhaontú idir an Aontas Eorpach (AE
dhá bhall déag), agus ceithre thír (an Iorua
, an Ostair
, an Fhionlainn
agus an tSualainn
) is ea Conradh Aontachais 1994 agus na tíortha úd ag éirí ina mball den aontas. Síníodh é ar an 24ú Iúil 1994 ar Chorfú, agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1d Eanáir 1995. Rinne an Conradh leasaithe ar chonarthaí na gComhphobal Eorpach a tháinig roimhe, agus dá réir, is cuid lárnach é de bhunús bunreachtúil an Aontais Eorpaigh (AE).[1][2] Don dara huair, níor ghlac an Iorua ballraíocht sna CE, áfach, toisc gur theip ar a reifreann.
Teideal iomlán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é seo a leanas an teideal iomlán oifigiúil den Chonradh:
Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hÉireann, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit den Aontas Eorpach) agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne i dtaobh aontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach, Eagrán Speisialta". EUR-Lex (29ú Lúnasa 1994). Dáta rochtana: 2013-08-17.
- ↑ "EUR-Lex - 11994N/TXT". Iris Oifigiúil C 241.
| Is síol faoin Aontas Eorpach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
