Conor O'Brien, ailtire & mairnéalach
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 3 Samhain 1880 |
| Bás | 18 Aibreán 1952 71 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, mairnéalach, ailtire, polaiteoir |
| Teaghlach | |
| Céile | Katharine Frances Clausen (en) |
| Athair | Edward William O'Brien agus Julia Mary Marshall (en) |
Ailtire agus mairnéalach as Contae Luimnigh ba ea Edward Conor Marshall O'Brien (3 Samhain 1880 – 18 Aibreán 1952). Ba é O’Brien an chéad Éireannach a chuaigh timpeall an domhain, an chéad duine a thug bád pléisiúir timpeall an domhain, an chéad duine a rinne an turas sa treo sin (soir), agus an chéad duine a sheol taobh ó dheas de na trí rinn mhóra – Rinn an Dóchais (an Afraic Theas), Rinn an Leeuwin (an Astráil) agus Rinn an Choirn (an tSile).[1][2]

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh O’Brien i gCathair Maothail[3] i gcontae Luimnigh in 1880. Ba gharmhac leis an bhFeisire Parlaiminte, William Smith O’Brien é agus mhaíodh sé gur de shliocht Bhriain Bhóirmhe é. Bhain sé cáilíocht amach san ailtireacht i gColáiste na Tríonóide.[2]
Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus é sna 20í. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus músclaíodh a spéis sa náisiúnachas tríd an gConradh. Bhí sé ina chainteoir líofa Gaeilge agus ina phátrún ar Choláiste Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh i gcontae an Chláir, a bhí ina cheantar Gaeltachta ag an am.
Bhí sé ina cheannaire ar Óglaigh na hÉireann i gcontae an Chláir agus bhí baint mhór aige le plean Erskine Childers 600 gunna a thabhairt i dtír ar an Asgard agus an Kelpie i 1914.

Seoltóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhág an Saoirse Dún Laoghaire ar an 20 Márta 1923 agus bratach an tSaorstáit nua ar foluain uaithi, agus í ar cheann de na chéad bháid a chroch an trídhathach tar éis bhunú an stáit.
Chaith O’Brien agus a chriú dhá bhliain ag seoltóireacht timpeall na cruinne, iad ag dul soir timpeall na hAfraice ar dtús, ar thuras a bhain curiarrachtaí go leor amach.
Aimsir na Nollag 1924, d’éirigh leis an gcéad luamh pléisiúir an turas timpeall Rinn an Choirn i mbád seoil a dhéanamh faoi stiúir O’Brien. Tháinig sé agus a chriú triúir aniar ón Nua-Shéalainn ar a dturas timpeall na cruinne sa luamh 13m an Saoirse.[4]
Sa deireadh, chuir sé 40,000 muirmhíle (74,000km) de sa Saoirse agus d’fhill sé ar Éirinn ar an 20 Meitheamh 1925. Rinneadh an long cháiliúil Éireannach, an Ilen ar mhúnla Saoirse i 1924, nuair a chuaigh bád O’Brien i bhfeidhm go mór ar mhairnéalaigh in Oileáin Fháclainne agus é ar a thuras mór ‘across three oceans’.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir sé síos ar a éachtaí seoltóireachta sna leabhair Across Three Oceans agus From Three Yachts, agus scríobh sé leabhair eile faoin mbádóireacht agus leabhair ficsin do pháistí.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ dib.ie. "Conor O'Brien". Dáta rochtana: 2025.
- 1 2 3 Maitiú Ó Coimín (20 Eanáir 2026). "Aitheantas tugtha ar deireadh don chéad chainteoir Gaeilge a sheol timpeall na cruinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-21.
- ↑ "Cathair Maothail/Cahermoyle" (ga-IE). logainm.ie. Dáta rochtana: 2026-01-21.
- ↑ "Multi-crewed" (en-GB). International Association of Cape Horners. Dáta rochtana: 2026-01-21.