Conon de Béthune

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Trouvère agus crosáidí ab ea Conon de Béthune. Do rugadh in Artois thart ar an mbliain 1150 é agus do fuair sé bás i gCathair Chonstaintín, nó i gCathair Haidrian, i Mí na Nollag insan mbliain 12191220.

Tá cáil air as na hamhráin a chum sé fén ngrá agus fén gcrosáid. Mar chrosáidí, do ghlac sé páirt insan dTríú agus insan gCeathrú Crosáidí, agus do bhí ról polaitíochta lárnach aige insan gCeathrú Crosáid leis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Do rugadh Conon thart ar an mbliain 1150. Dob é Conon an dara mac a saolaíodh do Robert V de Béthune, tiarna Bhéthune agus advocatus ecclesiae le Mainistir Shan Vaast a bhí suite gar d'Arras, agus d'Adélide de Saint-Pol. Deartháir Bhaudouin de Béthune, cunta Aumale agus duine de lucht leanúna na ríthe Anraí II Shasana agus Risteard I Shasana, ab ea Conon agus do bhí sé gaolta le cuntaí Hainaut ar thaobh a mháthar críonna. Ba é Huon d'Oisy múinteoir Chonon agus do bhí Conon féin ina chara ag trouvères iomráiteacha (Blondel de Nesle agus Gace Brulé, mar shampla). Dar le ceann amháin desna dánta a chum sé, ba ar bainis Philippe II agus Isabelle de Hainaut, rud a tharla insan mbliain 1180, a bhí Conon os comhair chúirt Rí na Fraince den chéad uair riamh. Do chan sé cúpla ceann desna hamhráin a raibh cumtha aige ag an mbainis sin, ach níor thaitníodar puinn leis an Ríonmháthair, Alix de Champagne, ná leis an Rí é féin; do dheineadar beirt magadh fé bhlas Artois a bhí ar chuid cainte Chonan agus ar na hamhráin a chan sé, rud a chuir an-díoma air toisc go raibh Marie de Champagne, bean a bhí ina pátrún aige, i láthair ag an mbainis.

Tar éis dó páirt a ghlacadh insan dTríú Crosáid, do ghlac Conan páirt insan gCeathrú Crosáid insan mbliain 1202, rud a dhein sé i dteannta a dhearthár Guillaume. Ag an am san, do bhí Conon ina óráidí ag Baudouin VI de Hainaut. Do mhol Geoffroi de Villhardouin Conan as a sholabharthacht, as a eagna, agus as a niachas; dúirt Geoffroi de Villhardouin fé Chonon gur mhaith an cniocht ab ea é, agus duine an-deaslabhartha a raibh siosmaid aige a bhí ann.[1] I ndiaidh choncas Chathair Chonstaintín, rud a tharla insan mbliain 1204, do bhí ról tábhachtach ag Conan i rialtas Bhaudouin, agus insna rialtais a tháinig ina dhiaidh (.i. rialtas Henri de Flandres agus rialtas Phierre I de Courtenay). Do bhí ról lárnach ag Conan insan athchairdeas a deineadh idir Baudouin agus Boniface I de Montferrat, agus i gCath Chathair Haidrian leis. Tar éis do Yolande de Hainaut, Banimpire Chathair Chonstaintín, bás a fháilt insan mbliain 1219, do roghnaíodh Conon chun bheith ina leasimpire ar Impire Laidineach an Oirthir; do fuair sé bás tamall gearr ina dhiaidh sin áfach, insan mbliain 1219 nó 1220.

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Do mhúin Huon d'Oisy an fhilíocht do Chonon. Sa lá atá inniubh ann, níl ach ceithre dhán déag againn faoinár féidir linn a rá gur scríobh Conan iad - fiú i measc na ndán san, áfach, tá ceithre dhán ann agus níltear go hiomlán cinnte an raibh Conan é féin a chum iad nó ná raibh. Amhráin is ea na dánta a chum Conan agus tá an nodaireacht cheoil a bhaineann le deich gcinn desna dánta thuasluaithe againn fós.

Is é an grá ábhar an choda is mó desna hamhráin a chum Conan agus tá na hamhráin sin gearr go leor. Tá dhá dhán ann, áfach, atá níos faide ná na cinn eile; is í an chrosáid ábhar na n-amhrán siúd. Ba Chonan a thug íomhá an chrosáidí a bhfuil air slán a fhágáil lena ghrá geal isteach i seanrá an fhin amor (.i. seanrá an ghrá chúirtéisigh).

Do chum Conon aoir chun na daoine a bhain mí-úsáid as an airgead a bailíodh i gcomhair na gcrosáidí a cháineadh leis.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. viz. 'Villehardouin le dit "bon chevalier et sage estoit et bien eloquens"' (Robert Sabatier, Histoire de la poésie française 1 : La Poésie du Moyen Âge [Páras: Éditions Albin Michel, 1975]).