Jump to content

Conleth Ellis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConleth Ellis
Beathaisnéis
Breith1937
Ceatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Bealtaine 1988
50/51 bliana d'aois
Baile Átha Luain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir agus file Gaeilge ab ea Conleth Ellis a saolaíodh i gCeatharlach ar an 24ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1937 agus a d'éag ar an 10ú lá de Mhí Bealtaine 1988. Fuair sé a chuid scolaíocht i meánscoil na mBráithre Críostaí i gCeatharlach, áit a raibh sé ina bhall de ghrúpa liteartha in éineacht le Pádraig Ó Snodaigh agus an bheirt acu dlúthchairdiúil le chéile. Bhí pleananna aige dintiúirí an tsagairt a bhaint amach le dul ag misinéireacht sa Tríú Domhan cosúil lena dheartháir Oliver a bhí ag obair mar sin sa Chéinia.

Ba iad Pádraig Ó Snodaigh agus aitheantas liteartha eile, Eoghan Ó Tuairisc, a d'áitigh ar Ellis litríocht Gaeilge a scríobh. D'fhoilsigh Ellis an chéad chúpla bailiúchán dánta i mBéarla.

Chuaigh sé ag staidéar i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus scríobh sé tráchtas M.A. faoin bhfile Gerald Manley Hopkins. Ansin thosaigh sé ag múinteoireacht. Chaith sé tréimhse ina mhúinteoir i gCeatharlach, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Luain. I mBéal Feirste i dtús na seascaidí casadh Christine Gallagher air, an bhean a phós sé, agus rugadh ceathrar clainne dóibh, beirt mhac agus beirt iníonacha.

  • This Ripening Time (1966)
  • Under the Stone (1971)
  • Fómhar na nGéanna (1975)
  • Aimsir Fháistineach (1981)
  • After Doomsday (1982)
  • Nead Lán Sneachta (1982)
  • Táin (1983)
  • Seabhac ag Guairdeall (1985)
  • Age of Exploration (1985)
  • Aoibhinn an Galar (1986)
  • Darkness Blossoming (1989)
  • An Canáraí Pinc (1990)

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]