Confoederáid na Réine
| Rheinbund (de) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Saorchathair Frankfurt agus Frankfurt | ||||
| Daonra | |||||
| Teanga oifigiúil | an Ghearmáinis | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | an Impireacht Naofa Rómhánach | ||||
| Cruthú | 1 Lúnasa 1806 | ||||
| Díscaoileadh | 11 Nollaig 1813 | ||||
| Á leanúint ag | Cónaidhm na Gearmáine | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | cónaidhm | ||||
| Comhlacht reachtach | diat | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ba é Confoederáid na Réine (Fraincis: États confédérés du Rhin, Gearmáinis: Rheinbund) grúpa stát a bhí faoi thionchar na Fraince. Níor mhair Confoederáid na Réine ach seacht mbliana, ó 1806[1] go dtí 1813, i rith na gCogadh a lean Réabhlóid na Fraince. Chruthaigh Napoléon Bonaparte í tar éis dó buachan ar An Ostair agus An Rúis i gCath Austerlitz.[2] Ba é Conradh Pressburg a chuir an Chonfoederáid ar bun, agus bhí Frankfurt mar príomhchathair.[3] B’ iad prionsaí Gearmánacha (Gearmáinis: fürsten) ba bhaill den Chonfoederáid; bhí nascanna láidre acu leis an Impireacht Naofa Rómhánach, ach ní raibh an chumhacht ach ag Napoléon féin. Bhí Karl von Dalberg ina uachtarán ó 1806 go 1813, agus ansin Eugène de Beauharnais go deireadh 1813. Chomh maith leis na 16 stát a bhí páirteach i dtús an ama, ghlac 23 stát eile páirt ann freisin.[4] Nuair a bhí an Chonfoederáid ar bharr a cumhachta, bhí níos mó ná 15 milliún duine ina gcónaí inti, agus sholáthair sí thart ar 63,000 saighdiúir do Napoléon.[5]
