Jump to content

Conchubhar Ó Liatháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConchubhar Ó Liatháin
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht
Gairmiriseoir, tuairisceoir, colúnaí, eagarthóir nuachtáin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is iriseoir é Conchubhar Ó Liatháin a bhfuil na blianta caite aige i mbun tuairisceoireachta agus colúnaíochta sna meáin clóite Gaeilge agus Béarla. Bhí sé ina eagarthóir ar , an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge dá raibh ann riamh. Ar na foilseacháin eile dar scríobh sé dóibh tá: Scéal, Seachtain, The Corkman, The Echo agus TheJournal.ie.[1]

Is as Cúil Aodha i nGaeltacht Múscraí dó.[1]

Ceapadh Ó Liatháin ina Chomhfhreagraí Gaeltachta le TheJournal.ie sa bhliain 2025. Chuir sé roimhe "scéal phobail na Gaeilge ar fud na tíre a insint, ag díriú ar na dúshláin atá rompu agus ar an dóigh a bhfuiltear ag réiteach na ndúshlán sin".[1]

Fuair sé ainmniúchán sa chatagóir "Iriseoir na Bliana" ag Gradaim Chumarsáid an Oireachtais 2025 i ngeall ar a chuid scríbhneoireachta le Scéal agus le The Echo.[2][3][4]