Jump to content

Vicipéid:Conas leathanach iontach a scríobh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lógó na Vicipéide

Conas alt iontach a scríobh
Treoir chéim ar chéim d'alt nua
Is féidir le duine ar bith alt a scríobh.

Is féidir le duine ar bith alt a scríobh ar Vicipéid na Gaeilge. Tá an treoir seo do dhaoine atá ag scríobh a gcéad ailt.

Ní gá don alt a bheith foirfe ar dtús. Is féidir leat féin nó eagarthóirí eile cur leis níos déanaí.

🧭 Ábhar a roghnú

[athraigh foinse]
  • Cuardaigh an Vicipéid ar dtús. B'fhéidir go bhfuil alt ann cheana faoi ainm eile.
  • Roghnaigh ábhar a bhfuil foinsí iontaofa faoi: leabhair, nuachtáin nó suímh oifigiúla.
  • Ag lorg smaointe? Féach ar leathanaigh atá de dhíth. Tá naisc chucu ó ailt eile, ach níl siad scríofa fós.

✍️ An t-alt a scríobh

[athraigh foinse]
  1. Tosaigh i do chlár dubh féin más mian leat. Is féidir leat an t-alt a bhogadh nuair atá sé réidh.
  2. Sa chéad abairt, abair cad é an t-ábhar. Cuir ainm an ábhair i gcló trom. Mar shampla: Cathair in oirdheisceart na hÉireann is ea Port Láirge.
  3. Scríobh an t-eolas atá sna foinsí, i d'fhocail féin.
  4. Bíodh abairtí gearra agat. Roinn an t-alt ina chodanna le ceannteidil.
  5. Scríobh go neodrach. Ná cuir do thuairim féin san alt.

Ag aistriú ó Vicipéid eile? Féach Acmhainní le haghaidh foclóirí agus uirlis aistriúcháin.

📚 Foinsí

[athraigh foinse]

Luaigh foinse don eolas atá san alt. Cabhraíonn sé seo le léitheoirí an t-eolas a sheiceáil.

  • Foinsí maithe: leabhair, irisí acadúla, nuachtáin agus suímh oifigiúla.
  • Ní foinse í Vicipéid eile, an Vicipéid Bhéarla san áireamh. Úsáid na foinsí atá luaite san alt sin.

Cuir an tagairt díreach i ndiaidh na habairte:

Bunaíodh an club sa bhliain 1886.<ref>Údar, ''Teideal'', foilsitheoir, bliain, leathanach.</ref>

Ansin cuir é seo ag bun an ailt:

== Tagairtí ==
{{reflist}}

San eagarthóir amhairc, úsáid an cnaipe Luaigh.

Ná cóipeáil téacs ó leabhair ná ó shuímh eile. Scríobh i d'fhocail féin é.

🔗 Naisc

[athraigh foinse]
  • Cuir naisc chuig ailt eile Vicipéide, mar shampla [[Port Láirge]]. Cuir nasc leis an gcéad uair a luaitear téarma, ní gach uair.
  • Is féidir nasc dearg a úsáid má d'fhéadfadh alt a bheith ann lá éigin.
  • Cuir naisc chuig suímh eile ag deireadh an ailt, faoin gceannteideal Naisc sheachtracha.
  • Cuir naisc chuig d'alt ó ailt eile, ionas go n-aimseoidh léitheoirí é.

🖼️ Íomhánna

[athraigh foinse]
  • Úsáid íomhánna ó Wikimedia Commons.
  • Má thóg tú féin an grianghraf, is féidir leat é a uaslódáil ansin.
  • Ná húsáid íomhánna ó shuímh eile gan cead.
[[Íomhá:Ainm an chomhaid.jpg|mion|deas|Fotheideal gearr.]]

🏷️ Críochnaigh an t-alt

[athraigh foinse]
  • Cuir catagóir nó dhó ag bun an ailt: [[Catagóir:Ainm na catagóire]]
  • Má tá an t-alt gearr, cuir {{síol}} leis. Féach Síol.
  • Nasc an t-alt leis an alt céanna i dteangacha eile. Roghnaigh Cuir naisc idirtheangacha leis sa bharra taoibh. Déanann Vicisonraí an chuid eile.

💬 Cabhair

[athraigh foinse]

Ceist agat? Cuir í ar an Halla baile.

🔗 Féach freisin

[athraigh foinse]
  • Clár dubh – áit chun eagarthóireacht a thriail
  • Acmhainní – foclóirí agus uirlisí don Ghaeilge