Camino na Portaingéile
Cuma
(Athsheolta ó Conair na bPortaingéalach)
| |||||
| Cineál | bealach oilithrigh | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Way of Saint James in Portugal (en) | ||||
| Suíomh | an Phortaingéil, An Phortaingéil an Spáinn, An Spáinn | ||||
| Tír | an Phortaingéil agus an Spáinn | ||||
Camino na Portaingéile, Conair na bPortaingéalach (Portaingéilis: Caminho Português, Spáinnis: Camino Portugés) an t-ainm ar an oilithreacht ó Porto na Portaingéile go Santiago de Compostela na Spáinne. Siúlóid 280 ciliméadar atá ann; uaireanta cuireann na hoilithrigh chun bóthair i Liospóin (620km)

Bealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Slí thar choicís atá thíos; sampla atá ann, bealach an chósta nó Camino "Chósta" na Portaingéile agus tá bealaí éagsúla ann. Siúlóid idir 10 ciliméadar agus 28 ciliméadar in aghaidh an lae atá i gceist, agus timpeall 20 ciliméadar formhór na laethanta.[1]
- Lá 1: Porto – Matasinhos
- Lá 2: Matasinhos – Vila do Conde
- Lá 3: Vila do Conde – Esposende
- Lá 4: Esposende – Viana do Castelo
- Lá 5: Viana do Castelo – Vila Praia de Âncora
- Lá 6: Vila Praia de Âncora – Oia
- Lá 7: Oia – Sabaris
- Lá 8: Sabaris – Vigo
- Lá 9: Sos, b'fheidir agus cuairt ar na hOileáin Cíes, amach ó chósta Vigo
- Lá 10: Vigo – Redondela
- Lá 11: Redondela – Pontevedra
- Lá 12: Pontevedra – Caldas de Rei
- Lá 13: Caldas de Reis – Padrón
- Lá 14: Padrón – Santiago de Compostela
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hannah Ní Chonghaile (2025-04-25). "Saoire dhifriúil: Camino Chósta na Portaingéile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-05-04.
