Conaing Bececlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarConaing Bececlach
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha agus monarc Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na nGael, chomh-Ard-Rí seanscéalach na hÉireann lena (leath)dheartháir Eochaid Fíadmuine ab ea Conann Beageaglach (Sean-Ghaeilge Conaing Begeclach).

Tháinig siad i gcoróin tar éis dóibh an t-iar-ard-rí Eochaid Uairches a mharú. Bhí Conann i réim i dtuaisceart na tíre, Eochaid sa deisceart. Bhí siad i réim ar feadh cúig bliana nuair a mharaigh Lugaid Lámderg mac Eochadha Uairchis é Eochaid. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí Conann fós i réim sa tuaisceart, agus Lugaid an deisceart. De réir Annála na gCeithre Máistrí áfach, chuir Lugaid Conann as cumhacht agus rinneadh ina Ard-Rí é ar fud na tíre go léir. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, mharaigh Conann Lugaid agus rinneadh ina Ard-Rí aonar ar feadh deich nó fiche bliain a thuilleadh, sular mharaigh Art mac Lugdach é.

Is doiléir í a dtuismíocht. De réir na bhfoinsí (LGÉ, FFÉ, ACM):

  • mic Congal mac Lugaid Cal as Corca Laoi, Contae Chorcaí iad beirt.[1]
  • mac Congal é Eochaidh, mac Dui Temrach mac Muiredach Bolgrach é Conaing.[1]
    • máthair chéanna acu beirt
    • agus í máthair Eochadha Uairchis.
  • mic Dui Temrach iad beirt[2]
  • mic Congal Coscarach mac Dui iad beirt.[3]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seanscéal Do suidigud tellaich Temra ("Lonnaíocht Teaghlach Teamhrach") ámh, tharla céasadh Chríost i rith a réime.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 255-257
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4356-4361
  4. R. I. Best (eag. & aistr.), "The Settling of the Manor of Tara", Ériu 4, 1910, ll. 121-72


Roimh
Eochaid Uairches
Ard-Rí na hÉireann Tar éis
Art mac Lugdach
le Eochaid Fíadmuine
LGÉ 5ú haois RC
FFÉ 621–616 RC
ACM 844–839 RC
le Lugaid Lámderg
LGÉ 5ú haois RC
FFÉ 616–609 RC
ACM 839–832 RC
ina aonar
LGÉ 5ú haois RC
FFÉ 609–599 BC
ACM 832–812 RC