Jump to content

Comhphobal Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Comphobal eorpach)
Gan a bheith measc leis na Comhphobail Eorpacha
Bosca Sonraí EagraíochtaComhphobal Eorpach
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1958
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitan tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata

1957Treaty establishing the European Economic Community (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Fochomhlacht
Codanna
Méadú an AE

Eagraíocht réigiúnach ba ea Comhphobal Eacnamaíochta Eorpach na hEorpa (CEE) a cruthaíodh sa bhliain 1957 le Conradh na Róimhe chun lánpháirtíocht eacnamaíochta a chothú i measc a mballstát. Tugadh an t-ainm Comhphobal Eorpach (CE) dó, faoi Chonradh Maastricht sa bhliain 1993.

an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

D'fhás an tAontas Eorpach as trí chomhphobal a bunaíodh i ndiaidh An Dara Cogadh Domhanda. Bhí aidhmeanna acu síocháin agus rathúnas a chur chun cinn san Eoraip.

Cruthaíodh CEE agus Euratom le Conradh na Róimhe a síníodh sa Róimh ar an 25 Márta 1957 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1958.

Ba iad na chéad tíortha a tháinig isteach sa CEE an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír. Sa bhliain 1972, shínigh le chéile an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe conradh aontachais chun dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.[2][3]

Sa bhliain 1993, tugtar do CEE an t-ainm Comhphobal Eorpach (CE; uatha) le Conradh Maastricht. Faoi théarmaí an conarthaí, cuireadh na trí chomhphobal le chéile mar na Comhphobail Eorpacha (iolra), agus chéad cholún an Aontais Eorpach á cruthú aige,

Fraincis a bhí i réim sa Choimisiún sular tháinig na Béarlóirí isteach. Ach mar thoradh ar chinseal an Bhéarla, is sa teanga sin atá na cainteanna atá ar siúl faoi láthair leis na tíortha gur mian leo teacht in aontachas leis an AE.[4]

Sa bhliain 1972, cuireadh i bhfeidhm an cinneadh a bhí déanta ag na ballstáit a bhí ann go gcuirfí an Béarla isteach mar theanga oifigiúil. Níor luadh gur bhain an Béarla leis an mBreatain ná le haon bhallstát eile. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar an idirbheartaíocht idir na tíortha ar fad gur tháinig ann don Bhéarla mar theanga oifigiúil. Tá fianaise ann gur dhiúltaigh Éire don bhrú a cuireadh orthu glacadh le Gaeilge mar theanga oifigiúil.[4]

  1. "citizensinformation.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-11. Dáta rochtana: 2017-01-01.
  2. Michael Hennigan. "The Irish as Young Europeans: "Hire them before they hire you"" (en). Dáta rochtana: 2023-01-01.
  3. "eu2013.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-01. Dáta rochtana: 2017-01-01.
  4. 4.0 4.1 Pádraig B Ó Laighin (26 Deireadh Fómhair 2016). "Béarla agus Brexit: Is féidir linn ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-01.