Compántas Amharclannaíochta an Druid
| Compántas Amharclannaíochta an Druid | |||
|---|---|---|---|
| Sonraí | |||
| Cineál | Eagraíocht drámaíochta | ||
| Suíomh geografach | |||
| Limistéar riaracháin | Gaillimh, Éire | ||
| Suíomh | Flood Street, Galway, Co. Galway, Ireland | ||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | druid.ie | ||
Is amharclann agus compántas aisteoirí i nGaillimh í Amharclann an Druid, nó Compántas Amharclannaíochta an Druid. Bunaíodh an compántas in 1975, an chéad amharclann phroifisiúnta nua-aimseartha i nGaillimh. Chuaigh saothar na hamharclainne ar stáitse ar fud an domhain le linn na mblianta; bhuaigh an bunaitheoir Garry Hynes duais ‘Tony’ i Nua-Eabhrac – an chéad bhean a rinne a leithéid, bhí bunaitheoir eile Marie Mullen í féin ar stáitse le Hugh Jackman le comhlacht eile, arís i Nua-Eabhrac (i 2023). Agus thug Druid drámaí freisin go hInis Meáin, go Maigh Eo, go háiteacha eile ar fud na tíre nach raibh aon amharclann acu le linn na mblianta.[1]

1970idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1975, in éineacht lena comh-mhic léinn as Ollscoil na Gaillimhe, Garry Hynes agus Mick Lally (nach maireann), bhunaigh Marie Mullen an Druid. Samhradh fada meirbh a bhí ann. Rinne na haisteoirí cleachtadh ar thrí dhráma trí ghníomh i rith mhí an Mheithimh sa gcaoi is go mbeimis réidh don chéad séasúr drámaíochta. Ní raibh aon amharclann dá gcuid féin ag an tús (fuaireadar an foirgneamh atá acu inniu ó chomhlacht McDonagh i nGaillimh níos déanaí). B’éigean dóibh na drámaí a chleachtadh san oíche toisc gur thug Scoil na nÍosánach a halla scoile dóibh ach bhí sé in úsáid i rith an lae ar fad. Agus toisc gur halla scoile a bhí ann, bhíodh ar na haisteoirí na cathaoireacha ar fad a leagan amach roimh an dráma agus a chur ar ais go néata ina dhiaidh.
Ar dtús bhí sé fíordheacair lucht féachana a mhealladh isteach uaireanta. ‘Bhí laethanta ann nach mbraibhlucht féachana ar bith ag Druid, agus crochadh fógra ar an doras tosaigh: ‘Performance cancelled due to illness.’[1]
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Druid plúr na ndrámaí Éireannacha agus idirnáisiúnta ar an stáitse le linn na mblianta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Mairéad Ní Nuadháin (11 Iúil 2025). "Amharclann an Druid ag ceiliúradh 50 bliain – níl náire ar bith orm a rá go raibh mé ann ag an tús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-13.