Jump to content

Comhthionól cairdinéal 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhthionól cairdinéal 2025
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 41° 54′ 11″ N, 12° 27′ 16″ E / 41.9031°N,12.4544°E / 41.9031; 12.4544
Lipéad sa teanga dhúchais(la) Conclave anni 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcomhthionól cairdinéal Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 - 8 Bealtaine 2025
Dáta na bliana2025 Cuir in eagar ar Wikidata
2013 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSéipéal Sistíneach, Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
TírCathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisCathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe133 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Mauro Gambetti
Carlos Osoro
Dominique Mathieu (en) Aistrigh
Charles Maung Bo
François-Xavier Bustillo (en) Aistrigh
Stephen Chow (en) Aistrigh
Chibly Langlois
Ángel Sixto Rossi (en) Aistrigh
Claudio Gugerotti
Baldassare Reina (en) Aistrigh
Frank Leo
Daniel Sturla
Konrad Krajewski
Dieudonné Nzapalainga
Emil Paul Tscherrig
Oscar Cantoni
Désiré Tsarahazana
George Jacob Koovakad
Vicente Bokalic Iglic
Kriengsak Kovitvanit
Fernando Natalio Chomali Garib
Paulo César Costa
Francesco Montenegro
Fridolin Ambongo Besungu
Mario Zenari
Sebastian Francis
Giuseppe Petrocchi
Jean-Marc Aveline
Grzegorz Ryś
Gérald Lacroix
Peter Ebere Okpaleke
Ángel Fernández Artime
Rolandas Makrickas (en) Aistrigh
Mario Aurelio Poli
Ignace Bessi Dogbo (en) Aistrigh
Jaime Spengler
Jean-Claude Hollerich
John Ribat (en) Aistrigh
Jose Advincula
Kevin Farrell
Manuel José Macário do Nascimento Clemente
Lazarus You Heung-sik (en) Aistrigh
Luis Cabrera Herrera
Luis José Rueda Aparicio
Marcello Semeraro
Augusto Paolo Lojudice
Pablo Virgilio Siongco David (en) Aistrigh
Pierbattista Pizzaballa
Angelo De Donatis
William Goh
Timothy M. Dolan
Virgílio do Carmo da Silva (en) Aistrigh
Soane Patita Paini Mafi
Tarcisio Isao Kikuchi (en) Aistrigh
トマス・アクイナス前田万葉
Domenico Battaglia
Álvaro Leonel Ramazzini Imeri
Jean-Paul Vesco
Arlindo Gomes Furtado (en) Aistrigh
Luis Antonio Tagle
James Michael Harvey
Baselios Cleemis
Michael Czerny (en) Aistrigh
Fabio Baggio (en) Aistrigh
Mario Grech
Péter Erdő
Adalberto Martínez Flores
Josip Bozanić
Sérgio da Rocha
Anders Arborelius
Louis Raphaël I Sako
Kazimierz Nycz
Reinhard Marx
José Tolentino Mendonça
Joseph Coutts
Gerhard Ludwig Müller
Kurt Koch
Wim Eijk
Rainer Woelki (en) Aistrigh
Cristóbal López Romero
José Cobo Cano
Vinko Puljić
Wilton Daniel Gregory
Raymond Leo Burke
Francisco Robles Ortega
John Dew
Stanisław Ryłko
Leonardo Ulrich Steiner
Ignatius Suharyo Hardjoatmodjo
Peter Kodwo Appiah Turkson
Robert Sarah
Protase Rugambwa
Christophe Pierre
Robert W. McElroy
Orani João Tempesta
Stephen Brislin
Juan García Rodríguez
Philippe Nakellentuba Ouédraogo
Blase J. Cupich
Malcolm Ranjith
Anthony Poola
Pietro Parolin
Antoine Kambanda
Matteo Maria Zuppi
Jean-Pierre Kutwa (en) Aistrigh
Stephen Ameyu Martin Mulla (en) Aistrigh
Juan José Omella Omella
Carlos Castillo Mattasoglio
António Augusto dos Santos Marto
Pápa Leo XIV
Víctor Manuel Fernández
Dominique Mamberti
Américo Manuel Alves Aguiar
Fernando Filoni
Thomas Christopher Collins
João Braz de Aviz
Daniel DiNardo
Odilo Scherer
Filipe Neri Ferrão
Arthur Roche
Philippe Barbarin
Leopoldo Brenes
Joseph William Tobin
Vincent Nichols (en) Aistrigh
László Német
Roberto Repole (en) Aistrigh
Berhaneyesus Demerew Souraphiel
Mykola Bychok (en) Aistrigh
Giuseppe Betori
Giorgio Marengo (en) Aistrigh
Jozef De Kesel
Timothy Radcliffe
Carlos Aguiar Retes Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdeath and funeral of Pope Francis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanpápa Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiPápa Leo XIV Cuir in eagar ar Wikidata

Cailleadh an Pápa Proinsias ar an 21 Aibreán 2025. Níor mhair an dá chomhthionól deireanach i 2005 agus 2013 ach dhá lá. Agus mhair an comhthionól cairdinéal 2025 dhá lá chomh maith. Fógraíodh ar an 8 Bealtaine gurb é Robert Francis Prevost a tháinig i gcomharbas ar Phápa Prionsias. Toghadh é le linn thionól rúnda na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach.[1]

Na cairdinéil de réir tíre

Comhthionól cairdinéal

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Aibreán 2025 a chruinnigh na cairdinéil den chéad uair ó shochraid Phroinsias ar an 26 Aibreán. As na 252 cairdinéal atá ann, ní raibh cead vótála ach ag 135, an dream a bhí faoi bhun 80 bliain d'aois.[2][3]

Is é an Pápa Proinsias féin a rinne cairdinéil de 108 de na fir a bheidh ag vótáil dá chomharba ag an conclave sa Vatacáin. D'fhág sin gur ceapacháin de chuid an Phápa Proinsias ceathrar as gach cúigear a raibh cinneadh faoina chomharba ar a nguaillí.[4]

Cheap Proinsias an oiread de na cairdinéil a bhí i dteideal vóta agus gur beag aithne a bhí acu ar a chéile. Bhain go leor de na cairdinéil nua le háiteanna ar domhain nach m bíodh ionadaí acu i gColáiste na gCairdinéal, áiteanna ar nós Maenmar, Haiti agus Ruanda. An cheist a bhí roimh na cairdinéil ná, an roghnódh siad fear a rachadh ar aghaidh leis an gclár leasuithe a thosaigh an Pápa Proinsias , nó an bhfillfear ar nósanna níos coimeádaí don Eaglais.[5]

Ar an 6 Bealtaine, bhailigh na cairdinéil le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil.

Sula cuireadh tús leis an gcomhthionól rúnda ar an 7 Bealtaine, tháinig na cairdinéil le chéile i Séipéal Phóil sa Phálás Aspalda, agus d'iarr siad comhairle an Spioraid Naoimh faoina vóta. Ansin shiúl na cairdinéil, a bhí gléasta i gcasóg sagairt scarlóideach, suirplís bhán agus clóca gearr scarlóideach, i mórshiúl go dtí an Séipéal Sistíneach. Chan siad an t-iomann Laidine ‘Veni Creator Spiritus’ (Tar chugainn Spiorad an Chruthaitheora) ar feadh na slí. Nuair a chuaigh siad isteach sa Séipéal Sistíneach tugadh an t-ordú ‘Extra Omnes’ (‘gach duine amach’) ag fógairt ar gach duine nach raibh cead vótála acu an séipéal a fhágáil.[4]

Bhí na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá. Ní raibh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól.[6]

Ar an 7 Bealtaine ar maidin, bhí scamaill deataigh dhubh le feiceáil ó shimléar an tSéipéil Sistínigh, ag dearbhú nár éirigh leis na cairdinéil Pápa nua a thoghadh i gceann dá bhabhtaí vótála. Chiallaigh sé sin nár bhfuair na cairdinéil an dá thrian den 133 vóta a bhí riachtanach chun oidhre an Phápa Proinsias a roghnú.

Bhí dhá bhabhta vótála eile ar siúl tráthnóna. Bhí scamaill deataigh dhubh le feiceáil arís timpeall 8pm am na Róimhe.[6]

Toghadh an Pápa ar an 8 Bealtaine 2025; bhí deatach bán le feiceáil timpeall 6.06pm am na Róimhe. Steall na gártha molta as an slua a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Vatacáin nuair a fógraíodh go raibh pápa nua tofa. Ach níor thuig siad ag an am cé a bhí ann.

Pápa Leo XIV

Bhí roinnt mhaith tráchtairí, roimh an toghchán, den tuairim go bhféadfadh gur cairdinéal measartha a thoghfaí a leanfadh leis na tosaíochtaí don eaglais a bhí gar do chroí an Íosánaigh, Proinsias.[4] Agus bhí an ceart acu.

Dúirt Leo XIV ina chéad aitheasc mar Phápa - le linn aifreann príobháideach na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach ar an 9 Bealtaine 2025 - go raibh sé ag súil "go ndéanfadh an Eaglais Chaitliceach oícheanta dorcha an tsaoil seo níos gile" le linn a phápachta.

Thug sé le fios freisin gur "riarthóir dílis" ar an Eaglais Chaitliceach ina hiomláine a bheadh ann, agus go mbeadh naofacht bhaill na heaglaise – seachas galántacht mhaoin na hEaglaise – ina cloch is mó ar a phaidrín.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuach RTÉ (2025-05-09). "Beidh "oícheanta dorcha an tsaoil níos gile"" (as ga-IE). 
  2. reuters.com (28 Aib. 2025). "Conclave to elect new pope to start on May 7, cardinals meet". Dáta rochtana: 28 Aib. 2025.
  3. De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh.
  4. 4.0 4.1 4.2 "Tús á chur leis an gcomhthionól rúnda chun an chéad phápa eile a thoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-07). Dáta rochtana: 2025-05-09.
  5. Nuacht RTÉ (2025-04-28). "Comhthionól na gCairdinéal le tosú an 7 Bealtaine" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2025-05-08). "Deatach dubh ar maidin ag fógairt nach bhfuil Pápa tofa fós" (as ga-IE).